+Airteagal 26 Ról an Choimisiúin
---+Airteagal 26 1
---+Airteagal 26 2
---+Airteagal 26 3
---+Airteagal 26 4
---+Airteagal 26 5
---+Airteagal 26 6
---+Airteagal 26 7
|
Airteagal 26 Ról an Choimisiúin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1
|
1. Beidh an Coimisiún freagrach go foriomlán as an gClár a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimse na slándála, gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta. Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán seo, tosaíochtaí agus éabhlóid an Chláir, i gcomhréir leis na riachtanais úsáideoirí arna mbunú go cuí, agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme an Chláir, gan dochar do bheartais eile de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 26 2
|
2. Áiritheoidh an Coimisiún leithroinnt shoiléir na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis an gClár agus déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sin. Áiritheoidh an Coimisiún freisin, maidir leis na heintitis ar fad ar cuireadh cúram orthu agus a bhfuil baint acu leis an gClár, go gcosnóidh siad leasanna an Aontais, go ráthóidh siad bainistiú fónta chistí an Aontais agus go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán Airgeadais agus an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 26 3
|
3. Déanfaidh an Coimisiún na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 a sholáthar, a dhámhachtain agus a shíniú.
|
|
Airteagal 26 4
|
4. Féadfaidh an Coimisiún cúraimí a bhaineann leis an gClár a chur ar an nGníomhaireacht agus ar GES faoi bhainistíocht indíreach, i gcomhréir lena róil agus freagrachtaí faoi seach mar a leagtar amach faoi Airteagail 27 agus 28. Chun baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a éascú agus chun an comhar is éifeachtúla idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus GES a chur chun cinn, féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe ranníocaíochta a bhunú le gach eintiteas a gcuirfear cúram air.
Glacfaidh an Coimisiún na cinntí ranníocaíochta i dtaca leis na comhaontuithe ranníocaíochta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 47(2).
|
|
Airteagal 26 5
|
5. Gan dochar do chúraimí na gconraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19, na Gníomhaireachta ná na n-eintiteas eile ar cuireadh cúram orthu, áiritheoidh an Coimisiún glacadh agus úsáid na seirbhísí rialtais. Áiritheoidh sé comhlántacht, comhsheasmhacht, sineirgí agus naisc idir an Clár agus gníomhaíochtaí agus cláir eile de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 26 6
|
6. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Chláir leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh cheana i réimse an spáis ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Spreagfaidh sé comhar idir na Ballstáit, éascóidh sé idir-inoibritheacht a n-acmhainneachtaí teicneolaíochta agus forbairtí i réimse an spáis agus, i gcás inarb ábhartha maidir leis an gClár, beidh sé d’aidhm aige comhchuibheas an chórais nascachta sláine a áirithiú leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus idir-inoibritheacht na n-acmhainneachtaí arna bhforbairt faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
|
|
Airteagal 26 7
|
7. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus coiste an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 47(1) ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta ar aon nósanna imeachta soláthair agus ar aon chonarthaí, lena n-áirítear fochonarthaí, le heintitis phoiblí agus phríobháideacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|