4. Gan dochar do na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3, agus ar mhaithe leis an tslándáil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais bhreise a bhunú maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Chlár, a mhéid is comhoiriúnach leis na comhaontuithe atá ann cheana dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).