1. Tabharfaidh coiste an Chláir, a bunaíodh le hAirteagal 107 de Rialachán (AE) 2021/696, cúnamh don Choimisiún i bhfoirmíocht GOVSATCOM. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Chun gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus Airteagal 30(3) den Rialachán seo a ghlacadh, tiocfaidh coiste an Chláir dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo le chéile san fhoirmíocht slándála, dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/696.
Chun gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(4) den Rialachán seo a ghlacadh, beidh coiste an Chláir san fhoirmíocht slándála dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/696 rannpháirteach go cuí.