+Airteagal 4 Pleananna Aeráide Sóisialta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
|
Airteagal 4 Pleananna Aeráide Sóisialta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Cuirfidh gach Ballstát a Phlean faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí náisiúnta arb ann dóibh cheana nó atá nua sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaisteacht inacmhainne a áirithiú, agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Áiritheoidh gach Ballstát comhsheasmhacht idir a Phlean agus a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Féadfar bearta náisiúnta a sholáthraíonn tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha a áireamh sa Phlean chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise mar thoradh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Áireofar sa Phlean bearta agus infheistíochtaí náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir le hAirteagal 8, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear giniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú;
(b)
an glacadh atá le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú.
|
|
Airteagal 4 5.
|
I gcás ina bhfuil córas náisiúnta trádála astaíochtaí i bhfeidhm ag Ballstát cheana féin le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar nó le haghaidh cáin charbóin, féadfar a áireamh sa Phlean na bearta náisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin chun na tionchair shóisialta agus na dúshláin shóisialta a mhaolú ar choinníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|