Agus na Pleananna á n-ullmhú, eagróidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear maidir le bearta costéifeachtacha agus infheistíochtaí atá le háireamh sna Pleananna. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (ELENA), a bunaíodh le Comhaontú idir an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta in 2009, nó faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
).