|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Ní íocfar tacaíocht airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo le gach Ballstát ach amháin ar choinníoll go mbainfidh an Ballstát sin amach na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus an cuspóir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus cumhdófar leo go háirithe:
(a)
éifeachtúlacht fuinnimh;
(b)
athchóiriú foirgneamh;
(c)
soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle;
(d)
laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
(e)
laghduithe ar líon na dteaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, líon na micrifhiontar leochaileach agus líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|