+Airteagal 7 Na prionsabail lena rialaítear an Ciste
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.

Airteagal 7 Na prionsabail lena rialaítear an Ciste

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Soláthróidh an Ciste tacaíocht airgeadais do Bhallstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach ina bPleananna a chistiú.
Airteagal 7 2.

Ní íocfar tacaíocht airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo le gach Ballstát ach amháin ar choinníoll go mbainfidh an Ballstát sin amach na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo. Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus an cuspóir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus cumhdófar leo go háirithe:

(a) 

éifeachtúlacht fuinnimh;

(b) 

athchóiriú foirgneamh;

(c) 

soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle;

(d) 

laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(e) 

laghduithe ar líon na dteaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, líon na micrifhiontar leochaileach agus líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha.

Airteagal 7 3.
Ní thacóidh an Ciste ach le bearta agus infheistíochtaí a chomhlíonann an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 7 4.
Leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus, i gcás inarb ábhartha, rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le poist inbhuanaithe agus ardcháilíochta sna réimsí a chumhdaítear le bearta agus infheistíochtaí an Chiste.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.