+Airteagal 16 Measúnú ón gCoimisiún
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
|
Airteagal 16 Measúnú ón gCoimisiún
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean agus, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an bPlean sin arna thíolacadh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 18, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo. Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg laistigh de 2 mhí ón dáta a thíolaic an Ballstát an Plean. Soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean más gá, lena n-áirítear tar éis don Phlean a bheith tíolactha. Féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún a chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an spriocdháta don mheasúnú más gá.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na haistrithe a iarradh i gcomhréir le hAirteagal 11 cuspóirí an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an Phlean, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit á gcur san áireamh, mar a leanas:
(a)
chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
(i)
cé acu atá nó nach bhfuil an Plean ina fhreagairt leordhóthanach ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair, agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, agus aird chuí á tabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear sna measúnuithe ón gCoimisiún ar thabhairt cothrom le dáta phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus sna moltaí ón gCoimisiún do na Ballstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus chuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí;
(ii)
an bhfuiltear ag súil go n-áiritheofar leis an bPlean nach ndéanfaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean dochar suntasach do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 agus an gcuidíonn an Plean le spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú;
(iii)
cibé acu atá nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a rannchuidíonn leis an aistriú glas, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta agus ar na dúshláin a eascraíonn as sin agus go háirithe le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 a bhaint amach agus le cuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí agus garspriocanna 2030 de Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste;
(b)
chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
(i)
cibé an meastar go mbeidh tionchar buan sa Bhallstát ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu, i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus le cuspóir fadtéarmach an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair;
(ii)
cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe arna moladh ag an mBallstát go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean, lena n-áirítear an tráthchlár, na garspriocanna agus na spriocanna a bheartaítear, agus na táscairí gaolmhara;
(iii)
cibé an bhfuil na bearta agus na hinfheistíochtaí arna moladh ag an mBallstát comhsheasmhach agus i gcomhréir le ceanglais na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), Threoir (AE) 2018/2001, an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir (AE) 2009/33 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
) agus Threoir 2010/31/AE; agus
(iv)
cibé an gcothaíonn na bearta agus na hinfheistíochtaí atá arna moladh ag an mBallstát comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le hionstraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 6(3);
(c)
chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
(i)
cé acu atá nó nach bhfuil an t-údar arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais iomlána mheasta an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cé acu atá nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta a mheastar a bheidh ann, agus sonraíochtaí náisiúnta a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na costais dá bhforáiltear sa Phlean á gcur san áireamh freisin;
(ii)
cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe arna moladh ag an mBallstát coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as an leithdháileadh airgeadais a sholáthraítear faoin gCiste, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;
(iii)
cé acu atá nó nach bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna arna moladh ag an mBallstát éifeachtach i bhfianaise raon feidhme, chuspóirí agus ghníomhaíochtaí incháilithe an Chiste;
(d)
chun measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cibé acu atá nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a léiríonn gníomhaíochtaí comhleanúnacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|