Acmhainní arna n-aistriú ón gCiste Aeráide Sóisialta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*1
) déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha lena rialaítear an Ciste a n-aistrítear na hacmhainní chuige agus beidh siad cinntitheach. Ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bheidh in acmhainní den sórt sin agus is sa bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán seo a bheidh siad.