+Airteagal 28 Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1060
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.

Airteagal 28 Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1060

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Rialachán (AE) 2021/1060:

“Airteagal 26a

Acmhainní arna n-aistriú ón gCiste Aeráide Sóisialta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.
Acmhainní arna n-aistriú ón gCiste Aeráide Sóisialta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha lena rialaítear an Ciste a n-aistrítear na hacmhainní chuige agus beidh siad cinntitheach. Ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bheidh in acmhainní den sórt sin agus is sa bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán seo a bheidh siad.
Airteagal 28 2.
I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, tíolacfaidh siad leasuithe ar chláir i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo maidir le clár amháin nó níos mó. Déanfaidh na Ballstáit úsáid acmhainní den sórt sin a phleanáil chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach do bhuiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán seo a bhaint amach. Leis na hacmhainní sin, rannchuideofar le cuspóirí ábhartha an Chiste Aeráide Sóisialta mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/955 a bhaint amach, agus úsáidfear iad chun tacú leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán sin. Déanfar iad a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó a chomhfhreagraíonn do chuspóir sonrach amháin nó níos mó de chuid an Chiste a n-aistrítear na hacmhainní chuige agus do chatagóir réigiún amháin nó níos mó, i gcás inarb infheidhme, mar aon le léiriú ar mhiondealú bliantúil na n-acmhainní. Ní chuirfear san áireamh iad chun comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach i rialacha Ciste-shonracha a ríomh.
Airteagal 28 3.
I gcás ina bhfuil iarraidh ó Bhallstát ar leasú ar chlár a bhaineann le haistriú acmhainní ón gCiste Aeráide Sóisialta formheasta ag an gCoimisiún cheana féin, féadfaidh an Ballstát, i gcás aon aistriú acmhainní eile sna blianta ina dhiaidh, fógra faoi tháblaí airgeadais a thíolacadh in ionad leasú ar chlár, ar choinníoll go mbaineann na hathruithe atá beartaithe le méadú ar na hacmhainní airgeadais, agus leis sin amháin, gan aon athruithe breise ar an gclár.
Airteagal 28 4.
De mhaolú ar Airteagal 18 agus Airteagal 86(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, ní chuirfear na hacmhainní arna n-aistriú i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2023/955 san áireamh san athbhreithniú meántéarma ná sa mhéid solúbthachta.
Airteagal 28 5.
De mhaolú ar Airteagal 14(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tosóidh an teorainn ama ar ina diaidh a dhéanfaidh an Coimisiún na méideanna a shaoradh i gcomhréir le hAirteagal 105(1) den Rialachán seo ón mbliain ina ndéantar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha. Ní dhéanfar acmhainní a aistriú chuig cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.