|
+Airteagal 2 9. |
Airteagal 2 9.Déanfar tríú tír nó tríú críoch a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III a bhaint den liosta sin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
má tá cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin chun ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 7a chomhlíonadh, nó má tá beart déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin atá ar neamhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais;
(b)
má tá bearta déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch sin atá contrártha lena cuspóirí dícharbónaithe, amhail tacaíocht phoiblí a sholáthar chun acmhainneacht nua ghiniúna a bhunú a astaíonn níos mó ná 550 gram de dhé-ocsaíd charbóin (“CO2”) de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh na cileavatuaire leictreachais;
(c)
má tá fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil, mar thoradh ar mhéadú ar onnmhairí leictreachais chuig an Aontas, méadú 5% ar a laghad tagtha ar na hastaíochtaí in aghaidh na cileavatuaire leictreachais a táirgeadh sa tríú tír nó sa tríú críoch sin i gcomparáid leis an 1 Eanáir 2026. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|