+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 6.
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leis an Rialachán seo, leagtar síos ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht, lipéadú, marcáil agus faisnéis chun gur féidir ceallraí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís laistigh den Aontas. Leagtar síos leis freisin íoscheanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola agus maidir le tuairisciú.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Leis an Rialachán seo, forchuirtear oibleagáidí díchill chuí maidir le ceallraí ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh nó a chuireann i seirbhís iad. Leagtar síos leis freisin ceanglais maidir le soláthar poiblí glas agus ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí ionchorpraithe á soláthar.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach catagóir cheallra, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí dúisithe, soilsithe agus adhainte (ceallraí SLI), ceallraí modhanna éadroma iompair (ceallraí LMT), ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, gan beann ar a gcruth, toirt, meáchan, dearadh, comhdhéanamh ábhar, ceimic, úsáid nó feidhm. Beidh feidhm aige freisin maidir le ceallraí a ionchorpraítear i dtáirgí nó a chuirtear le táirgí nó atá saindeartha lena n-ionchorprú i dtáirgí nó atá curtha le táirgí eile. Chun críocha Chaibidil II, i gcás inar féidir a mheas go dtagann ceallraí a chuirtear ar an margadh faoi níos mó ná catagóir amháin, measfar go dtagann siad faoin gcatagóir a bhfuil feidhm ag na ceanglais is déine maidir leo.
|
|
Airteagal 1 4.
|
I gcásanna ina gcuirtear cealla ceallraí nó modúil ceallraí ar fáil ar an margadh le haghaidh úsáid deiridh, gan iad a ionchorprú ná a chóimeáil a thuilleadh i bpacáistí ceallraí níos mó nó i gceallraí níos mó, measfar gur cuireadh ar an margadh iad mar cheallraí chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh feidhm ag na ceanglais don chatagóir cheallra is comhchosúla. I gcásanna inar féidir a mheas go dtagann cealla ceallraí den sórt sin nó modúil ceallraí den sórt sin faoi níos mó ná catagóir ceallraí amháin, measfar go dtagann siad faoin gcatagóir a bhfuil feidhm ag na ceanglais is déine maidir leo.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceallraí a ionchorpraítear sna nithe seo a leanas nó atá saindeartha lena n-ionchorprú sna nithe seo a leanas:
(a)
trealamh atá nasctha le leasanna slándála fíor-riachtanacha na mBallstát a chosaint, in airm, i muinisin agus in ábhar cogaidh, cé is moite de tháirgí nach bhfuil beartaithe chun críoch míleata go sonrach; agus
(b)
trealamh a dheartar lena sheoladh amach sa spás amuigh.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Níl feidhm ag Caibidlí III ná IX den Rialachán seo maidir le trealamh atá saindeartha le haghaidh sábháilteacht suiteálacha núicléacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (
1
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|