+Airteagal 8 1.

Airteagal 8 1.

Ón 18 Lúnasa 2028 nó 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, beidh ag gabháil le ceallraí tionsclaíocha, ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, le ceallraí feithiclí leictreacha agus le ceallraí SLI a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, doiciméadacht ina mbeidh faisnéis faoin sciar céatadáin de chóbalt, de litiam nó de nicil atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra, agus faoin sciar céatadáin de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl, do gach samhail cheallra in aghaidh na bliana agus in aghaidh na monarchan monaraíochta.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír ón 18 Lúnasa 2033 maidir le ceallraí LMT ina bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha.

Faoin 18 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú, i gcás na gceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, chun an sciar céatadáin de chóbalt, de litiam nó de nicil atá in ábhair ghníomhacha agus a aisghabhadh ó dhramhaíl monaraíochta ceallraí nó ó dhramhaíl iarthomhaltóra a ríomh agus a fhíorú, agus chun an sciar céatadáin de luaidhe atá sa cheallra agus a aisghabhadh ó dhramhaíl a ríomh agus a fhíorú, agus tríd an bhformáid a bhunú don doiciméadacht theicniúil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.