+Airteagal 17 Nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.

Airteagal 17 Nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.

Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a) 

i gcás ceallraí a mhonaraítear i sraith:

(i) 

“Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, nó

(ii) 

“Modúl D1 – Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe”, a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII;

(b) 

i gcás ceallraí nach monaraítear i sraith:

(i) 

“Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, nó

(ii) 

“Modúl G – Comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid”, a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 17 2.

Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8 i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a) 

“Modúl D1 - Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe” a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII i gcás ceallraí a mhonaraítear i sraith; nó

(b) 

“Modúl G – Comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid”, a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn VIII i gcás ceallraí nach monaraítear i sraith.

Airteagal 17 3.
Déanfar measúnú comhréireachta breise ar cheallraí a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide nó le haghaidh athrú cuspóra, nó ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, i gcomhréir le “Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe”, a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 á gcur san áireamh.
Airteagal 17 4.
Tarraingeofar suas taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta ar cheallraí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra a chomhlíonann na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta bunaithe, nó i dteanga amháin nó níos mó lena nglacann an comhlacht sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.