|
+Airteagal 25 7. |
Airteagal 25 7.Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh:
(a)
oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile measúnaithe comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
(b)
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
(c)
eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus 12, 13 agus 14 agus in Airteagail 48 go 52, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus an dlí náisiúnta;
(d)
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|