+Airteagal 25 Ceanglais a bhaineann leis na húdaráis faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
---+Airteagal 25 9.
---+Airteagal 25 10.
---+Airteagal 25 11.
|
Airteagal 25 Ceanglais a bhaineann leis na húdaráis faoina dtugtar fógra
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar ghnó agus a mhéid a bhaineann leis na ceallraí a ndéanann sé measúnú orthu, go háirithe ar mhonaróirí ceallraí, ar chomhpháirtithe trádála na monaróirí ceallraí, ar infheisteoirí ar scairshealbhóirí iad i monarchana na monaróirí ceallraí agus ar chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra agus a gcomhlachais ghnó, a máthairchuideachtaí nó a bhfochuideachtaí.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Ní bheidh dearthóir, monaróir, soláthraí, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir nó cothabhálaí na gceallraí a bheidh á measúnú, ná ionadaí aon duine de na páirtithe sin, ina chomhlacht um measúnú comhréireachta, ina chomhalta dá lucht ardbhainistíochta ná ina phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh. Leis an toirmeasc sin, ní choiscfear ceallraí a ndearnadh measúnú orthu a úsáid, ar ceallraí iad atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta, ná ní choiscfear ceallraí den sórt sin a úsáid chun críoch pearsanta. Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht ardbhainistíochta ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, monaraíocht, margú, allmhairiú, dáileadh, suiteáil, úsáid nó cothabháil na gceallraí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta faoina dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm leis sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin. Áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a mháthairchuideachtaí ná a chomhchuideachtaí, a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil atá riachtanach sa réimse sonrach agus beidh sé saor ó gach brú agus aslach, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le brú agus aslach ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Beidh sé de chumas ag comhlacht um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta ar fad arna sannadh dó in Iarscríbhinn VIII a dhéanamh, iniúchtaí tréimhsiúla a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 51 ar tugadh fógra dó ina leith, cibé acu is é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a dhéanann na cúraimí sin nó go ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin. Tráth ar bith, agus i gcás gach nós imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, i gcás iniúchtaí tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 51, agus i gcás gach catagóire ceallra ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil ag comhlacht um measúnú comhréireachta ar an méid seo a leanas:
(a)
an pearsanra is gá ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;
(b)
na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an fhéidearthacht iad a athdhéanamh;
(c)
beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus cúraimí eile;
(d)
na nósanna imeachta is gá chun cúraimí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú lena dtugtar aird chuí ar mhéid ghnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn sé, a struchtúr, a chasta atá teicneolaíocht an cheallra atá i gceist agus mais an phróisis táirgthe nó cineál srathach an phróisis sin.
Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na modhanna is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann lena ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú ar bhealach iomchuí, agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis, ar an trealamh tástála agus ar na saoráidí tástála uile is gá. Áireofar leis sin bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartais ghinearálta, cóid iompair nó rialacha inmheánacha eile, sannadh pearsanra do chúraimí sonracha, agus cinntí maidir le measúnú comhréireachta, gan iad a tharmligean d’fhochonraitheoir nó d’fhochuideachta.
|
|
Airteagal 25 7.
|
Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh:
(a)
oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile measúnaithe comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
(b)
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
(c)
eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus 12, 13 agus 14 agus in Airteagail 48 go 52, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus an dlí náisiúnta;
(d)
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.
|
|
Airteagal 25 8.
|
Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht ardbhainistíochta agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh. Ní bhraithfidh luach saothair an lucht ardbainistíochta agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
|
|
Airteagal 25 9.
|
Tógfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta polasaí árachais dliteanais ach amháin má ghabhann an stát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát a thugann fógra, nó má bhíonn an Ballstát sin féin freagrach as an measúnú comhréireachta go díreach.
|
|
Airteagal 25 10.
|
Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad i mbun na gcúraimí i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, iniúchtaí tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 48(2), nó i mbun fíorú tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 51, ach amháin maidir leis an údarás a thugann fógra agus údaráis náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.
|
|
Airteagal 25 11.
|
Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe earnála na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra arna bhunú de bhun Airteagal 37, nó áiritheoidh sé go gcuirfear a phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin arna dtáirgeadh ag an ngrúpa comhordaithe earnála sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|