|
+Airteagal 49 1. |
Airteagal 49 1.Déanfaidh gach oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an méid seo a leanas:
(a)
beartas díchill chuí de chuid na cuideachta maidir le ceallraí, a bhaineann le hamhábhair a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X, agus na catagóirí riosca sóisialta agus comhshaoil gaolmhara a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, a ghlacadh agus a chur in iúl go soiléir do sholáthróirí agus don phobal;
(b)
caighdeáin atá comhsheasmhach leis na caighdeáin a leagtar amach in ionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X a ionchorprú ina bheartas díchill chuí maidir le ceallraí;
(c)
a chóras bainistithe inmheánaigh a struchtúrú sa chaoi go dtacófar lena bheartas díchill chuí maidir le ceallraí trína chur de fhreagracht ar a leibhéal bainistíochta is airde formhaoirseacht a dhéanamh ar a bheartas díchill chuí maidir le ceallraí chomh maith le taifid a choinneáil ar bun den chóras sin ar feadh 10 mbliana ar a laghad;
(d)
córas rialuithe agus trédhearcachta a bhunú agus a fheidhmiú maidir leis an slabhra soláthair, lena n-áirítear líne chúraim nó córas inrianaitheachta, lena ndéanfar gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra soláthair a shainaithint;
(e)
a bheartas díchill chuí maidir le ceallraí, lena n-áirítear bearta bainistithe riosca, a ionchorprú i gconarthaí agus comhaontuithe le soláthraithe; agus
(f)
sásra casaoide a bhunú, lena n-áirítear córas feasachta riosca luathrabhaidh agus sásra feabhsúcháin, nó foráil a dhéanamh maidir le sásraí den sórt sin trí chomhaontuithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó le heagraíochtaí eile nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh, amhail ombudsman, a éascú; beidh sásraí den sórt sin bunaithe ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|