+Airteagal 56 Freagracht Leathnaithe Táirgeora
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.

Airteagal 56 Freagracht Leathnaithe Táirgeora

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 56 1.
Beidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as ceallraí a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit. Comhlíonfaidh táirgeoirí den sórt sin na ceanglais atá in Airteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus sa Chaibidil seo.
Airteagal 56 2.
Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, ar ceallra é a eascraíonn as ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, as oibríochtaí athraithe cuspóra nó as oibríochtaí athmhonaraíochta, measfar gur táirgeoir ceallraí den sórt sin é chun críocha an Rialacháin seo agus beidh freagracht leathnaithe táirgeora air.
Airteagal 56 3.
Táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (47)(d), ceapfaidh sé ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora i ngach Ballstát ina ndíolann sé ceallraí. Is trí shainordú i scríbhinn a dhéanfar ceapachán den sórt sin.
Airteagal 56 4.

Cumhdóidh na ranníocaíochtaí airgeadais atá le n-íoc ag an táirgeoir na costais seo a leanas i leith na dtáirgí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát lena mbaineann:

(a) 

na costais a ghabhann le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola agus le hiompar na gceallraí sin, lena gcóireáil agus lena n-athchúrsáil ina dhiaidh sin, agus aon ioncam a fhaightear óna n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó óna n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach na n-amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte á gcur san áireamh;

(b) 

na costais a ghabhann le suirbhé ilchodach ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 69(5);

(c) 

na costais a ghabhann le faisnéis a chur ar fáil maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 74;

(d) 

na costais a ghabhann le bailiú sonraí agus le tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 75.

Airteagal 56 5.
I gcás ceallraí a chur ar fáil a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, maidir le táirgeoirí na gceallraí bunaidh agus táirgeoirí na gceallraí a chuirtear ar an margadh mar thoradh ar na hoibríochtaí sin, féadfaidh siad araon sásra roinnte costas a bhunú agus a choigeartú, bunaithe ar shannadh iarbhír na gcostas idir na táirgeoirí éagsúla, le haghaidh na gcostas dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (c) agus (d).

I gcás ina bhfuil ceallra dá dtagraítear i mír 2 faoi réir níos mó ná aon fhreagracht leathnaithe táirgeora amháin, ní iompróidh an chéad táirgeoir a chuireann an ceallra sin ar fáil ar an margadh costais bhreise mar thoradh ar an sásra roinnte costas sin.

Éascóidh an Coimisiún malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le sásraí roinnte costas den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.