+Airteagal 70 Cóireáil
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
---+Airteagal 70 5.

Airteagal 70 Cóireáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 70 1.
Ní dhéanfar ceallraí dramhaíola bailithe a dhiúscairt ná ní bheidh siad faoi réir oibríocht aisghabhála fuinnimh.
Airteagal 70 2.
Gan dochar do Threoir 2010/75/AE, áiritheoidh saoráidí ceadaithe go gcomhlíontar, le cóireáil le haghaidh ceallraí dramhaíola, Cuid A d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, ar a laghad, agus na teicnící is fearr atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Threoir 2010/75/AE.
Airteagal 70 3.
I gcás ina mbailítear ceallraí agus iad fós ionchorpraithe i ndramhfhearas, de mhodh éadrom iompair dramhaíola nó d’fheithicil a bhfuil a ré caite, bainfear iad den dramhfhearas, den mhodh iompair éadrom dramhaíola nó den fheithicil a bhfuil a ré caite i gcomhréir, i gcás inarb infheidhme, leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 2000/53/CE nó 2012/19/AE.
Airteagal 70 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais chóireála maidir le ceallraí dramhaíola a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn XII i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch atá déanta agus na dteicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn a mhéid a bhaineann le bainistiú dramhaíola.
Airteagal 70 5.
Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna dreasachta a chur ar bun d’oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann rátaí níos airde amach ná na spriocanna a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII le haghaidh éifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar faoi seach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.