+Airteagal 71 Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar
---+Airteagal 71 1.
---+Airteagal 71 2.
---+Airteagal 71 3.
---+Airteagal 71 4.
---+Airteagal 71 5.
---+Airteagal 71 6.

Airteagal 71 Spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus aisghabháil ábhar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 71 1.
Áiritheoidh gach saoráid cheadaithe go nglacfar leis na ceallraí dramhaíola uile a chuirtear ar fáil don tsaoráid sin agus go ndéanfar iad a ullmhú le haghaidh athúsáide, a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó a athchúrsáil.
Airteagal 71 2.
Áiritheoidh athchúrsálaithe go mbainfear amach, leis an athchúrsáil, na spriocanna maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus na spriocanna maidir le haisghabháil ábhar a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII faoi seach.
Airteagal 71 3.
Ríomhfar na rátaí d’éifeachtúlacht athchúrsála agus d’aisghabháil ábhar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
Airteagal 71 4.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2025, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht chun rátaí d’éifeachtúlacht athchúrsála agus d’aisghabháil ábhar a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn XII, agus formáid na doiciméadachta a bhunú.
Airteagal 71 5.
Faoin 18 Lúnasa 2026 agus ar a laghad gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, de bharr forbairtí sa mhargadh, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí ceallraí ag a bhfuil tionchar ar chineál na n-ábhar arna n-aisghabháil agus ar infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta cóbailt, copair, luaidhe, litiam nó nicile, agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, an iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus le haisghabháil ábhar a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII. I gcás ina bhfuil údar leis agus inarb iomchuí ar bhonn an mheasúnaithe sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na spriocanna maidir le héifeachtúlacht athchúrsála agus le haisghabháil ábhar a leagtar amach i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII a leasú.
Airteagal 71 6.
I gcás inarb iomchuí de bharr forbairtí sa mhargadh ag a bhfuil tionchar ar chineál na n-ábhar is féidir a aisghabháil agus i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89, chun Cuid C d’Iarscríbhinn XII a leasú, trí ábhair bhreise a chur leis a bhfuil spriocanna sonracha acu maidir le haisghabháil ábhar in aghaidh an ábhair shonraigh, agus Cuid B d’Iarscríbhinn XII, trí cheimic ceallraí eile a chur leis a bhfuil spriocanna sonracha acu maidir le héifeachtúlacht athchúrsála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.