+Airteagal 72 Ceallraí dramhaíola a loingsiú
---+Airteagal 72 1.
---+Airteagal 72 2.
---+Airteagal 72 3.
---+Airteagal 72 4.
|
Airteagal 72 Ceallraí dramhaíola a loingsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72 1.
|
Féadfar tabhairt faoi chóireáil lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go mbeidh loingsiú na gceallraí dramhaíola, nó codáin díobh, i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1013/2006 agus (CE) Uimh. 1418/2007.
|
|
Airteagal 72 2.
|
Chun idirdhealú a dhéanamh idir ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cigireacht a dhéanamh ar loingsithe ceallraí caite a bhfuil amhras ann gur ceallraí dramhaíola iad chun na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a chomhlíonadh agus féadfaidh siad faireachán a dhéanamh ar loingsithe den sórt sin dá réir sin. I gcás ina suíonn na húdaráis inniúla i mBallstát gur ceallraí dramhaíola atá i gceist le loingsiú beartaithe ceallraí caite, féadfar costais na n-anailísí iomchuí, na gcigireachtaí iomchuí agus na stórála iomchuí a dhéantar ar na ceallraí caite a bhfuil amhras ann gur dramhaíl iad a ghearradh ar tháirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí, ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar dhaoine eile a shocraíonn an loingsiú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89, lena bhforlíontar na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV, go háirithe maidir le staid na sláinte, chun idirdhealú a dhéanamh idir loingsiú ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola.
|
|
Airteagal 72 3.
|
Ní áireofar ceallraí dramhaíola nó codáin díobh arna n-onnmhairiú ón Aontas i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, i dtreo chomhlíonadh na n-oibleagáidí, na n-éifeachtúlachtaí agus na spriocanna a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 ach amháin má sholáthraíonn onnmhaireoir na gceallraí dramhaíola nó codán díobh fianaise dhoiciméadach arna formheas ag an údarás inniúil cinn scríbe gur tharla an chóireáil faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le dlí eile an Aontais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil.
|
|
Airteagal 72 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 89, chun rialacha mionsonraithe a fhorlíonann na rialacha sin i mír 3 den Airteagal seo a leagan síos, trí na critéir chun dálaí coibhéiseacha a mheasúnú a leagan síos.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|