+Airteagal 85 Soláthar poiblí glas
---+Airteagal 85 1.
---+Airteagal 85 2.
---+Airteagal 85 3.

Airteagal 85 Soláthar poiblí glas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 85 1.
I gcás údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE, áireoidh siad, agus ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí á soláthar acu i gcásanna a chumhdaítear leis na Treoracha sin, tionchair chomhshaoil na gceallraí sin thar a saolré d’fhonn a áirithiú go gcoinnítear tionchair den sórt sin chomh híseal agus is féidir.
Airteagal 85 2.
Ó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chéad ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena mbunaítear critéir dhámhachtana le haghaidh nósanna imeachta soláthair, déanfar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh trí na critéir dhámhachtana sin a chur i bhfeidhm. Maidir le haon nós imeachta soláthair a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha chun ceallraí, nó táirgí ina bhfuil ceallraí, a thagann faoi raon feidhme Airteagail 7 go 10, a cheannach, déanfar tagairt ina shonraíochtaí teicniúla agus ina chritéir dhámhachtana don chéad ghníomh tarmligthe sin chun a áirithiú go soláthraítear na ceallraí sin, nó na táirgí sin ina bhfuil ceallraí, le tionchar i bhfad níos ísle ar an gcomhshaol le linn a saolré.
Airteagal 85 3.
Déanfaidh an Coimisiún, 12 mhí tar éis ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), an ceathrú fomhír, pointe (a), Airteagal 8(1), Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(5), gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí chritéir dhámhachtana a bhunú le haghaidh nósanna imeachta soláthair le haghaidh ceallraí, nó táirgí ina bhfuil ceallraí, bunaithe ar na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagail 7 go 10.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.