+IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN III




IARSCRÍBHINN III

PARAIMÉADAIR FEIDHMÍOCHTA LEICTRICEIMICÍ AGUS MHARTHANACHTA LE HAGHAIDH CEALLRAÍ INAISTRITHE D’ÚSÁID GHINEARÁLTA

Cuid A

Paraiméadair le haghaidh ceallraí neamh-in-athluchtaithe

1. An mheánré íosta: an meán-am íosta a shroicheann sampla de na ceallraí ar dhíluchtú nuair a bhaintear úsáid astu faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta.

2. Feidhmíocht díluchtaithe mhoillithe: an laghdú coibhneasta ar an meánré íosta, agus an toilleadh meán-íosfhad a tomhaiseadh ar dtús mar phointe tagartha, tar éis tréimhse ama shainithe agus faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta.

3. Frithsheasmhacht in aghaidh sceite: frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile.

Cuid B

Paraiméadair le haghaidh ceallraí in-athluchtaithe

1. Toilleadh rátaithe: luach toillte ceallra, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, agus arna dhearbhú ag an monaróir.

2. Coinneáil luchtaithe (toilleadh) ( 7 ): an toilleadh is féidir le ceallra a sheachadadh tar éis stórála, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, ar feadh tréimhse shonrach, gan athluchtú ina dhiaidh sin agus arna shloinneadh mar chéatadán den toilleadh rátaithe.

3. Aisghabháil luchtaithe (toilleadh): an toilleadh is féidir le ceallra a sheachadadh le hathluchtú ina dhiaidh sin tar éis stórála, faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, ar feadh tréimhse shonrach agus arna sloinneadh mar chéatadán den toilleadh rátaithe.

4. Buanseasmhacht i dtimthriallta, líon na dtimthriallta luchtaithe agus díluchtaithe atá ceallra in ann a dhéanamh faoi dhálaí sonracha, amhail teocht agus bogthaise choibhneasta, sula dtiteann an toilleadh faoi bhun codán sonraithe den toilleadh rátaithe.

5. Frithsheasmhacht in aghaidh sceite: frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.