+IARSCRÍBHINN IV

IARSCRÍBHINN IV




IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS FEIDHMÍOCHTA LEICTRICEIMICÍ AGUS MHARTHANACHTA MAIDIR LE CEALLRAÍ LMT, CEALLRAÍ TIONSCLAÍOCHA AG A BHFUIL TOILLEADH NÍOS MÓ NÁ 2 KWH AGUS CEALLRAÍ FEITHICLÍ LEICTREACHA

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “toilleadh rátaithe” líon iomlán na n-aimpéaruaireanta (Ah) is féidir a tharraingt siar ó cheallra lánluchtaithe faoi dhálaí tagartha.

(2) 

ciallaíonn “meathlú toillte” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid luchtaithe atá ceallra in ann a sheachadadh ag an voltas rátaithe, i dtaca leis an toilleadh rátaithe bunaidh.

(3) 

ciallaíonn “cumhacht” an méid fuinnimh atá ceallra in ann a sholáthar thar thréimhse ar leith faoi dhálaí tagartha.

(4) 

ciallaíonn “meathlú cumhachta” an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid cumhachta is féidir le ceallra a sholáthar ag an voltas rátaithe.

(5) 

ciallaíonn “fritotaíocht inmheánach” mar a chuirtear in aghaidh sreabhadh srutha laistigh de cheall nó ceallra faoi dhálaí tagartha, arb é atá ann, suim na friotaíochta leictreonaice agus na friotaíochta ianaí leis an rannchuidiú don fhriotaíocht éifeachtach iomlán lena n-áirítear airíonna ionduchtacha/toilleasacha.

(6) 

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir” an cóimheas den ghlanfhuinneamh a sheachadann ceallra i rith tástáil díluchtaithe don fhuinneamh iomlán a éilítear chun an staid luchtaithe tosaigh a thabhairt ar ais trí ghnáthluchtú.

Cuid A

Paraiméadair a bhaineann le feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanacht

1. Toilleadh rátaithe (in Ah) agus meathlú toillte (in %).

2. Cumhacht (in W) agus meathlú cumhachta (in %).

3. Friotaíocht inmheánach (in Ω) agus méadú sa fhriotaíocht inmheánach (in %).

4. I gcás inarb infheidhme, éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir agus a mheathlú (in %).

5. Saolré ionchasach an cheallra faoi na dálaí tagartha dar dearadh é, i dtéarmaí timthriallta, ach amháin i gcás feidhmeanna neamh-thimthriallacha agus blianta féilire.

Cuid B

Eilimintí chun míniú a thabhairt ar na tomhais le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear i gCuid A

1. An ráta díluchtaithe agus an ráta luchtaithe atá i bhfeidhm.

2. An cóimheas idir an chumhacht ainmniúil ceallraí (W) agus fuinneamh ceallraí (Wh).

3. Doimhneacht an díluchtaithe sa tástáil saolré.

4. Toilleadh cumhachta ag staid luchtaithe 80 % agus 20 %.

5. Aon ríomhanna arna ndéanamh leis na paraiméadair thomhaiste, más infheidhme.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.