|
+Airteagal 31 1. |
Airteagal 31 1.Faoin 18 Lúnasa 2025, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:
(a)
an t-údarás nó na húdaráis atá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha, nó fógraí fúthu sin, a eisiúint, a bhailíochtú nó a tharchur;
(b)
an t-údarás nó na húdaráis atá inniúil chun fógraí a fháil de bhun Airteagal 8 agus chun Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a fhorfheidhmiú thar ceann Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 16;
(c)
an t-údarás nó na húdaráis atá inniúil chun déileáil le hagóidí réasúnaithe ó sheolaithe i gcomhréir le hAirteagal 17;
(d)
na teangacha a nglactar leo, i gcomhréir le hAirteagal 27, chun fógra a thabhairt faoi EPOC, EPOC-PR, Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach, i gcás forfheidhmithe, agus chun é a tharchur. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|