|
+IARSCRÍBHINN VI |
IARSCRÍBHINN VI
IARSCRÍBHINN VI SÍNEADH A CHUR LE FIANAISE LEICTREONACH A CHAOMHNÚ Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ), ní mór don seolaí, tar éis dó an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a fháil, na sonraí atá á n-iarraidh a chaomhnú gan moill mhíchuí. Ní mór éirí as an gcaomhnú tar éis 60 lá, mura rud é go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna gur eisíodh an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird. Laistigh de 60 lá, féadfaidh an t-údarás eisiúna síneadh 30 lá breise a chur le fad an chaomhnaithe i gcás inar gá chun gur féidir an iarraidh ina dhiaidh sin a eisiúint, agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. CUID A: Údarás eisiúna an EPOC-PR An Stát eisiúna: …… An t-údarás eisiúna: …… Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna: …… Murab ionann é agus an pointe teagmhála a luaitear an EPOC-PR, an t-údarás/an pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC-PR: Ainm agus sonraí teagmhála: …… CUID B: Seolaí an EPOC-PR Seolaí: …… Seoladh: …… Fón/facs/ríomhphost (más eol): …… Teagmhálaí (más eol): …… Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol): …… An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí): …… Aon fhaisnéis ábhartha eile: …… CUID C: Faisnéis faoi EPOC-PR roimhe seo Caomhnaítear na sonraí i gcomhréir leis an EPOC-PR a eisíodh an …… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an …… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid …… (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig …… CUID D: Síneadh a chur leis an ordú caomhnaithe roimhe seo Leis seo, cuirtear síneadh 30 lá breise leis an oibleagáid sonraí a chaomhnú faoin EPOC-PR mar a shonraítear i gCuid C. Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí: Ainm: …… Dáta: …… Síniú ( 27 ): …… 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|