|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, ina gcríoch, stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a imscaradh ar bhealach atá i gcomhréir le glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus go soláthróidh siad aschur cumhachta leordhóthanach do na feithiclí sin. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, ag deireadh gach bliana, ag tosú ó 2024, go gcomhlíonfar na spriocanna don aschur cumhachta seo a leanas go carnach:
(a)
le haghaidh gach feithicle ceallra saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch, go soláthrófar aschur cumhachta iomlán 1,3 kW ar a laghad trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal; agus
(b)
le haghaidh gach feithicle hibridí inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch, go soláthrófar aschur cumhachta iomlán 0,80 kW ar a laghad trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|