+Airteagal 3 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
---+Airteagal 3 8.
---+Airteagal 3 9.
---+Airteagal 3 10.
---+Airteagal 3 11.
|
Airteagal 3 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, ina gcríoch, stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a imscaradh ar bhealach atá i gcomhréir le glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus go soláthróidh siad aschur cumhachta leordhóthanach do na feithiclí sin. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, ag deireadh gach bliana, ag tosú ó 2024, go gcomhlíonfar na spriocanna don aschur cumhachta seo a leanas go carnach:
(a)
le haghaidh gach feithicle ceallra saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch, go soláthrófar aschur cumhachta iomlán 1,3 kW ar a laghad trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal; agus
(b)
le haghaidh gach feithicle hibridí inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch, go soláthrófar aschur cumhachta iomlán 0,80 kW ar a laghad trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Nuair a shroicheann sciar na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim i gcomparáid leis an bhflít iomlán feithiclí saothair éadroim arna gclárú i gcríoch Ballstáit 15 % ar a laghad agus má léiríonn an Ballstát go bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag baint le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, sa Bhallstát sin, is é sin go bhfuil infheistíochtaí príobháideacha á ndíspreagadh dá thoradh, agus nach bhfuil bonn cirt leis sin a thuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le leibhéal an aschuir cumhachta iomláin de nó chun scor de cheanglais den sórt sin a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí tar éis dó iarraidh réasúnaithe arna tíolacadh de bhun mhír 2 a fháil, cinneadh a ghlacadh de réir mar a bheidh bonn cirt leis i ngach cás.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim ar an ngréasán bóithre ina gcríoch. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:
(a)
go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus fad uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(i)
faoin 31 Nollaig 2025, 400 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe amháin athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;
(ii)
faoin 31 Nollaig 2027, 600 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad.
(b)
go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus fad uasta 60 km eatarthu feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(i)
faoin 31 Nollaig 2027, feadh 50 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, 300 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aon phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad.
(ii)
faoin 31 Nollaig 2030, 300 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;
(iii)
faoin 31 Nollaig 2035, 600 kW d'’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Bunófar ríomh an chéatadáin d’fhad ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(i), bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:
(a)
chun an t-ainmneoir a ríomh: fad iomlán an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T laistigh de chríoch an Bhallstáit;
(b)
chun an t-uimhreoir a ríomh: fad carntha na gcodanna den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T idir dhá chomhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 4, pointe (b)(i), cé is moite d’aon chuid den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T idir dhá cheann de na comhthiomsuithe athluchtaithe sin atá níos faide ná 60 km ó chéile.
|
|
Airteagal 3 6.
|
Féadfar comhthiomsú athluchtaithe aonair atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a imscaradh feadh bóithre den ghréasán TEN-T don dá threo taistil ar choinníoll:
(a)
go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe inrochtana go héasca ón dá threo taistil;
(b)
go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an gcomhthiomsú athluchtaithe; agus
(c)
go ndéanfar na ceanglais a leagtar amach i mír 4 maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le treo taistil aonair, a chomhlíonadh i gcás an dá threo taistil.
|
|
Airteagal 3 7.
|
De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, feadh bóithre den ghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 8 500 feithicil saothair éadroim agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfreastalóidh comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim ar an dá threo taistil ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme maidir le treo taistil aonair a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair, agus go bhfuil an comhthiomsú athluchtaithe sin inrochtana go héasca ón dá threo taistil agus go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
|
|
Airteagal 3 8.
|
De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, feadh bóithre de chuid an ghréasáin TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 8 500 feithicil saothair éadroim agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit laghdú suas le 50 % a dhéanamh ar an aschur cumhachta iomlán a bheidh ag comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus a éilítear de bhun mhír 4 den Airteagal seo, ar choinníoll nach bhfreastalaíonn an comhthiomsú athluchtaithe ach ar threo taistil amháin agus go gcomhlíonfar na ceanglais eile a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
|
|
Airteagal 3 9.
|
De mhaolú ar an gceanglas a bhaineann le hachar uasta 60 km idir comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit achar níos faide suas le 100 km a cheadú i gcás comhthiomsuithe athluchtaithe den sórt sin feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil is lú ná 3 000 feithicil saothair éadroim, ar choinníoll go mbíonn comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an achar idir comhthiomsuithe athluchtaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
|
|
Airteagal 3 10.
|
I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Ballstát don Choimisiún faoi chás inar bhain sé úsáid as maolú dá dtagraítear i mír 7, measfar gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b), maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe.
|
|
Airteagal 3 11.
|
Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b), maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán bóithre TEN-T agus den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|