Airteagal 8
Bonneagar le haghaidh meatán leachtaithe i gcomhair feithiclí iompair de bhóthar
Go dtí an 31 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar líon iomchuí pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe, a bheidh inrochtana don phobal, a imscaradh feadh an chroíghréasáin TEN-T ar a laghad, chun a chur ar a gcumas do mhótarfheithiclí tromshaothair a úsáideann meatán leachtaithe gluaiseacht ar fud an Aontais, má bhíonn éileamh ar a leithéid, ach amháin i gcás ina mbeidh na costais a bhaineann leis sin díréireach leis na tairbhí, lena n-áirítear na tairbhí don chomhshaol.