+RIALACHÁN (AE) 2023/1804 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
------+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
------+Airteagal 3 6.
------+Airteagal 3 7.
------+Airteagal 3 8.
------+Airteagal 3 9.
------+Airteagal 3 10.
------+Airteagal 3 11.
---+Airteagal 4 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
------+Airteagal 4 7.
------+Airteagal 4 8.
------+Airteagal 4 9.
---+Airteagal 5 Bonneagar athluchtaithe
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
------+Airteagal 5 7.
------+Airteagal 5 8.
------+Airteagal 5 9.
------+Airteagal 5 10.
------+Airteagal 5 11.
---+Airteagal 6 Spriocanna maidir le bonneagar athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí bóthair
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
------+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 7 Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 8 Bonneagar le haghaidh meatán leachtaithe i gcomhair feithiclí iompair de bhóthar
---+Airteagal 9 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 10 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaí intíre
---+Airteagal 11 Spriocanna maidir le soláthar meatáin leachtaithe a sholáthar i gcalafoirt mhuirí
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 12 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
------+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 13 Bonneagar iarnróid
---+Airteagal 14 Creataí beartais náisiúnta
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
------+Airteagal 14 6.
------+Airteagal 14 7.
------+Airteagal 14 8.
------+Airteagal 14 9.
------+Airteagal 14 10.
------+Airteagal 14 11.
---+Airteagal 15 Tuairisciú náisiúnta
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 16 Inneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn
---+Airteagal 17 Athbhreithniú ar chreataí beartais náisiúnta agus ar thuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
------+Airteagal 17 5.
------+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 18 Dul chun cinn a rianú
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 19 Faisnéis don úsáideoir
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 19 4.
------+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 20 Forálacha maidir le sonraí
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
------+Airteagal 20 5.
------+Airteagal 20 6.
------+Airteagal 20 7.
------+Airteagal 20 8.
---+Airteagal 21 Sonraíochtaí teicniúla coiteanna
------+Airteagal 21 1.
------+Airteagal 21 2.
------+Airteagal 21 3.
------+Airteagal 21 4.
------+Airteagal 21 5.
------+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 22 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 22 1.
------+Airteagal 22 2.
------+Airteagal 22 3.
------+Airteagal 22 4.
------+Airteagal 22 5.
------+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 23 An nós imeachta coiste
------+Airteagal 23 1.
------+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 25 Aisghairm
------+Airteagal 25 1.
------+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I Tuairisciú
---+IARSCRÍBHINN II Sonraíochtaí teicniúla
---+IARSCRÍBHINN III Ceanglais tuairiscithe maidir le feithiclí leictreacha agus bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a imscaradh
---+IARSCRÍBHINN IV Tábla comhghaoil
English - European Union - Environment -

RIALACHÁN (AE) 2023/1804 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN (AE) 2023/1804 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar
Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘inrochtaineacht sonraí’ féidearthacht sonraí a iarraidh agus a fháil tráth ar bith i bhformáid atá inléite ag meaisín;

(2) 

ciallaíonn ‘praghas ad hoc’ an praghas a ghearrann oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe ar an úsáideoir deiridh as athluchtú nó athbhreoslú ar bhonn ad hoc;

(3) 

ciallaíonn ‘feadh an ghréasáin bóithre TEN-T’:

(a) 

maidir le stáisiúin athluchtaithe leictreacha: go bhfuil siad lonnaithe ar an ngréasán bóithre TEN-T nó laistigh d’fhad tiomána 3 km ón mbealach amach is gaire do bhóthar TEN-T; agus

(b) 

maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: go bhfuil siad lonnaithe ar an ngréasán bóithre TEN-T nó laistigh d’fhad tiomána 10 km ón mbealach amach is gaire do bhóthar TEN-T;

(4) 

ciallaíonn ‘breoslaí malartacha’ breoslaí nó foinsí cumhachta is féidir a úsáid, ar a laghad go páirteach, in ionad foinsí breosla ola iontaise san fhuinneamh le haghaidh an iompair, agus a d’fhéadfadh cur leis an méid carbóin atá ann a ísliú, agus le feidhmiú comhshaoil na hearnála iompair a fheabhsú, lena n áirítear:

(a) 

‘breoslaí malartacha le haghaidh feithiclí, traenacha, soithí nó aerárthaí astaíochtaí nialasacha’:

— 
leictreachas,
— 
hidrigin,
— 
amóinia,
(b) 

‘breoslaí in-athnuaite’:

— 
breoslaí bithmhaise, lena n-áirítear bithghás, agus bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (27), (28) agus (33), faoi seach, de Threoir (AE) 2018/2001,
— 
breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha, lena n-áirítear amóinia, a tháirgtear le fuinneamh in-athnuaite,
(c) 

‘breoslaí malartacha neamh-inathnuaite agus breoslaí iontaise idirthréimhseacha’

— 
gás nádúrtha i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe) (GNL)),
— 
gás peitriliam leachtaithe (GPL),
— 
breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha a tháirgtear le fuinneamh neamh-inathnuaite;
(5) 

ciallaíonn ‘láthair teagmhála aerárthaigh’ láthair i limistéar ainmnithe de naprún an aerfoirt a bhfuil droichead bordála paisinéirí ann;

(6) 

ciallaíonn ‘cianláthair aerárthaigh’ láthair i limistéar ainmnithe de naprún an aerfoirt nach bhfuil droichead bordála paisinéirí ann;

(7) 

ciallaíonn ‘aerfort den chroíghréasán TEN-T nó aerfort den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ aerfort mar a liostaítear agus mar a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(8) 

ciallaíonn ‘fíordheimhniú uathoibríoch’ fíordheimhniú feithicle ag pointe athluchtaithe tríd an nascóir athluchtaithe nó trí theileamaitic;

(9) 

ciallaíonn ‘infhaighteacht sonraí’ sonraí a bheith ar fáil i bhformáid dhigiteach atá inléite ag meaisín;

(10) 

ciallaíonn ‘feithicil cheallra-leictreach’ feithicil leictreach arb é an mótar leictreach an t-aon chumhacht inti, gan an dara foinse tiomána inti;

(11) 

ciallaíonn ‘athluchtú déthreoch’ oibríocht athluchtaithe chliste inar féidir an sreabhadh leictreachais a iompú, ionas go sreabhann an leictreachas ón gceallra chuig an bpointe athluchtaithe lena bhfuil sé nasctha;

(12) 

ciallaíonn ‘nascóir’ an comhéadan fisiceach idir an pointe athluchtaithe nó an pointe athbhreoslaithe agus an fheithicil, trína ndéantar an breosla nó an fuinneamh leictreach a mhalartú;

(13) 

ciallaíonn ‘aeriompar tráchtála’ aeriompar tráchtála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (24), de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(14) 

ciallaíonn ‘long coimeádán’ long a cheaptar go heisiach chun coimeádáin a iompar i mbroinnte agus ar deic;

(15) 

ciallaíonn ‘íocaíocht chonradh-bhunaithe’ íocaíocht as seirbhís athluchtaithe nó athbhreoslaithe ón úsáideoir deiridh le soláthraí seirbhísí soghluaisteachta ar bhonn conartha arna thabhairt i gcrích idir an t-úsáideoir deiridh sin agus an soláthraí seirbhísí soghluaisteachta sin;

(16) 

ciallaíonn ‘úsáideoir sonraí’ aon údarás poiblí, údarás bóithre, oibreoir bóithre, oibreoir pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe, eagraíocht taighde nó neamhrialtasach, soláthraí seirbhíse soghluaisteachta, ardán ríomhfhánaíochta, soláthraí léarscáile digití nó aon eintiteas eile ar spéis leis sonraí a úsáid chun faisnéis a sholáthar, seirbhísí a chruthú nó taighde nó anailís a dhéanamh ar bhonneagar breoslaí malartacha;

(17) 

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach’ pointe athluchtaithe ar féidir leis faisnéis a sheoladh agus a fháil i bhfíor-am, cumarsáid dhéthreoch a dhéanamh leis an eangach leictreachais agus an fheithicil leictreach, agus ar féidir faireachán agus rialú cianda a dhéanamh air, lena n-áirítear chun an seisiún athluchtaithe a thosú agus a stopadh agus sreafaí leictreachais a thomhas;

(18) 

ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2019/944;

(19) 

ciallaíonn ‘dáileoir’‘dáileoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(20) 

ciallaíonn ‘sonraí dinimiciúla’ sonraí a athraíonn go minic nó go tráthrialta;

(21) 

ciallaíonn ‘córas bóithre leictreacha’ suiteáil fhisiceach feadh bóthair chun leictreachas a aistriú chuig an bhfeithicil leictreach a fhad is atá an fheithicil faoi shiúl;

(22) 

ciallaíonn ‘feithicil leictreach’ mótarfheithicil atá feistithe le gléasra cumhachta ina bhfuil meaisín leictreach neamh-imeallach amháin ar a laghad mar thiontaire fuinnimh ag a bhfuil córas stórála fuinnimh in-athluchtaithe leictreach, is féidir a athluchtú go seachtrach;

(23) 

ciallaíonn ‘soláthar leictreachais d’aerárthach ina stad’ leictreachas a sholáthar trí chomhéadan doghluaiste nó soghluaiste caighdeánaithe d’aerárthach nuair a bhíonn sé ar láthair teagmhála aerárthaigh nó ar chianláthair teagmhála aerárthaigh;

(24) 

ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn breosla malartach lena úsáid go díreach i bhfeithicil;

(25) 

ciallaíonn ‘ríomhfhánaíocht’ malartú sonraí agus íocaíochtaí idir oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus soláthraí seirbhísí soghluaisteachta óna gceannaíonn úsáideoir deiridh seirbhís athluchtaithe nó athbhreoslaithe;

(26) 

ciallaíonn ‘ardán ríomhfhánaíochta’ ardán lena nasctar gníomhaithe margaidh, go háirithe soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta agus oibreoirí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe, chun soláthar seirbhísí eatarthu a chumasú, lena n-áirítear an ríomhfhánaíocht;

(27) 

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán Eorpach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(28) 

ciallaíonn ‘eitlíocht ghinearálta’ gach oibríocht eitlíochta sibhialta seachas aersheirbhísí sceidealta agus oibríochtaí aeriompair neamhsceidealta ar luach saothair nó ar cíos;

(29) 

ciallaíonn ‘olltonnáiste’ (GT) ‘olltonnáiste’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e), de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(30) 

ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair’ mótarfheithicil de Chatagóir M2 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(ii), mótarfheithicil de Chatagóir M3 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(iii), mótarfheithicil de Chatagóir N2 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) nó mótarfheithicil de Chatagóir N3 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) 2018/858;

(31) 

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe ardchumhachta’ pointe athluchtaithe ag a bhfuil aschur cumhachta is mó ná 22 kW chun leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach;

(32) 

ciallaíonn ‘árthach paisinéirí ardluais’‘árthach ardluais’ mar a shainmhínítear i Rialachán 1 de Chaibidil X den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974 (SOLAS 74), a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir;

(33) 

ciallaíonn ‘feithicil saothair éadroim’ mótarfheithicil de Chatagóir M1 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i) nó mótarfheithicil de Chatagóir N1 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858;

(34) 

ciallaíonn ‘meatán leachtaithe’ GNL, bithghás leachtaithe nó meatán leachtaithe sintéiseach, lena n-áirítear cumaisc de na breoslaí sin;

(35) 

ciallaíonn ‘monaróir’ monaróir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (40), de Rialachán (AE) 2018/858;

(36) 

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse soghluaisteachta’ duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí d’úsáideoir deiridh ar luach saothair, lena n-áirítear seirbhísí athluchtaithe a dhíol;

(37) 

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe gnáthchumhachta’ pointe athluchtaithe ag a bhfuil a aschur cumhachta faoi bhun nó cothrom le 22 kW chun leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach;

(38) 

ciallaíonn ‘Pointe Rochtana Náisiúnta’ comhéadan digiteach arna chur ar bun ag Ballstát ar pointe aonair rochtana ar shonraí é;

(39) 

ciallaíonn ‘oibreoir pointe athluchtaithe’ an t-eintiteas atá freagrach as pointe athluchtaithe a bhainistiú agus a oibriú agus a sholáthraíonn seirbhís athluchtaithe d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraí seirbhíse soghluaisteachta;

(40) 

ciallaíonn ‘oibreoir pointe athbhreoslaithe’ an t-eintiteas atá freagrach as pointe athbhreoslaithe a bhainistiú agus a oibriú agus a sholáthraíonn seirbhís athbhreoslaithe d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraí seirbhíse soghluaisteachta;

(41) 

ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir, lena n-áirítear longa cúrsála, árthaí paisinéirí ardluais agus longa paisinéirí róró;

(42) 

ciallaíonn ‘seirbhís íocaíochta’‘seirbhís íocaíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(43) 

ciallaíonn ‘feithicil hibrideach inluchtaithe’ feithicil leictreach ina bhfuil gnáthinneall dócháin in éineacht le córas tiomána leictreach, is féidir a athluchtú ó fhoinse cumhachta leictrí seachtraí;

(44) 

ciallaíonn ‘aschur cumhachta’ an uaschumhacht theoiriciúil, arna sloinneadh ina kW, is féidir le pointe, stáisiún, nó comhthiomsú athluchtaithe, nó suiteáil soláthair leictreachais cois cladaigh a sholáthar d’fheithiclí nó do shoithí atá nasctha leis an bpointe, an stáisiún, an comhthiomsú nó an tsuiteáil athluchtaithe sin;

(45) 

ciallaíonn ‘bonneagar breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal’ bonneagar breoslaí malartacha atá suite ag suíomh nó ag áitreabh atá oscailte don phobal i gcoitinne, gan beann ar an mbonneagar breoslaí malartacha a bheith suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag teorainneacha nó coinníollacha i dtéarmaí rochtana ar an suíomh nó ar an áitreabh agus gan beann ar choinníollacha úsáide infheidhme an bhonneagair breoslaí malartacha;

(46) 

ciallaíonn ‘Cód Mearfhreagartha’ (cód QR) ionchódú agus amharcléiriú sonraí atá comhlíontach de réir ISO/IEC 18004:2015;

(47) 

ciallaíonn ‘athluchtú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athluchtaithe as a n-íocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích nó caidreamh tráchtála a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe a bhfuil níos mó i gceist leis ná an tseirbhís athbhreoslaithe a cheannach;

(48) 

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ comhéadan doghluaiste nó soghluaiste, ar an eangach nó lasmuigh di, le haghaidh leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach, ar comhéadan é, bíodh go bhféadfadh nascóir amháin nó níos mó a bheith aige chun freastal ar chineálacha éagsúla nascóirí, nach bhfuil in ann ach feithicil leictreach amháin a athluchtú ag aon tráth amháin agus a n-eisiatar leis gairis a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 3.7 kW nó cothrom leis sin acu agus nach bhfuil mar phríomhchuspóir acu feithiclí leictreacha a athluchtú;

(49) 

ciallaíonn ‘pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim’ pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe i gcomhair feithiclí saothair éadroim a athluchtú, mar gheall ar dhearadh sonrach na nascóirí nó na bplocóidí nó mar gheall ar dhearadh an spáis páirceála in aice leis an bpointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe, nó mar gheall ar an dá dhearadh sin;

(50) 

ciallaíonn ‘pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair’ pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe i gcomhair feithiclí tromshaothair a athluchtú, mar gheall ar dhearadh sonrach na nascóirí nó na bplocóidí nó mar gheall ar dhearadh an spáis páirceála in aice leis an bpointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe, nó mar gheall ar an dá dhearadh sin;

(51) 

ciallaíonn ‘comhthiomsú athluchtaithe’ stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó ag suíomh sonrach;

(52) 

ciallaíonn ‘stáisiún athluchtaithe’ suiteáil fhisiceach ag suíomh sonrach, ina bhfuil pointe athluchtaithe amháin nó níos mó;

(53) 

ciallaíonn ‘seirbhís athluchtaithe’ leictreachas a dhíol nó a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara, trí phointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal;

(54) 

ciallaíonn ‘seisiún athluchtaithe’ an próiseas iomlán athluchtaithe feithicle ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal ón uair a nasctar an fheithicil go dtí an uair a dhínasctar an fheithicil;

(55) 

ciallaíonn ‘athbhreoslú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athbhreoslaithe as a n-íocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích, nó caidreamh tráchtála a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe a bhfuil níos mó i gceist leis ná an tseirbhís athbhreoslaithe a cheannach;

(56) 

ciallaíonn ‘pointe athbhreoslaithe’ saoráid athbhreoslaithe lena soláthraítear aon bhreosla leachtach nó gásach trí shuiteáil dhoghluaiste nó shoghluaiste, nach bhfuil in ann ach feithicil amháin, traein amháin, soitheach amháin nó aerárthaí amháin a athbhreoslú ag aon tráth amháin;

(57) 

ciallaíonn ‘seirbhís athbhreoslaithe’ aon bhreosla leachtach nó gásach a dhíol nó a sholáthar trí phointe athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal;

(58) 

ciallaíonn ‘seisiún athbhreoslaithe’ an próiseas iomlán athbhreoslaithe feithicle ag pointe athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ón uair a nasctar an fheithicil go dtí an uair a dhínasctar an fheithicil;

(59) 

ciallaíonn ‘stáisiún athbhreoslaithe’ suiteáil fhisiceach aonair ag suíomh sonrach, ina bhfuil pointe athbhreoslaithe amháin nó níos mó;

(60) 

ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála arna ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944;

(61) 

ciallaíonn ‘fuinneamh in-athnuaite’‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001;

(62) 

ciallaíonn ‘long paisinéirí róró’ long ina bhfuil saoráidí chun a chur ar chumas feithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar an soitheach agus rolladh as, agus a ina n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir;

(63) 

ciallaíonn ‘limistéar páirceála sábháilte slán’ limistéar páirceála atá inrochtana do thiománaithe atá i mbun earraí nó paisinéirí a iompar agus atá deimhnithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún ( 5 );

(64) 

ciallaíonn ‘soláthar leictreachais cois cladaigh’ cumhacht leictreach cois cladaigh a sholáthar trí chomhéadan caighdeánaithe doghluaiste nó soghluaiste do longa farraige nó do shoithí uiscebhealaí intíre, agus iad ar múráil le taobh na cé;

(65) 

ciallaíonn ‘athluchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú i bhfíor-am, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

(66) 

ciallaíonn ‘sonraí statacha’ sonraí nach n-athraíonn go minic ná go tráthrialta;

(67) 

ciallaíonn ‘gréasán cuimsitheach TEN-T’ gréasán cuimsitheach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(68) 

ciallaíonn ‘croíghréasán TEN-T’ croíghréasán de réir bhrí Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(69) 

ciallaíonn ‘calafort uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus calafort uiscebhealaigh intíre den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ calafort uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T nó den ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a liostaítear agus a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(70) 

ciallaíonn ‘calafort muirí den chroíghréasán TEN-T nó calafort muirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ calafort muirí den chroíghréasán TEN-T nó den ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a liostaítear agus a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(71) 

ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2019/944;

(72) 

ciallaíonn ‘nód uirbeach’ nód uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

Airteagal 3 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim
Airteagal 4 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair
Airteagal 5 Bonneagar athluchtaithe
Airteagal 6 Spriocanna maidir le bonneagar athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí bóthair
Airteagal 7 Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine
Airteagal 8 Bonneagar le haghaidh meatán leachtaithe i gcomhair feithiclí iompair de bhóthar

Airteagal 8

Bonneagar le haghaidh meatán leachtaithe i gcomhair feithiclí iompair de bhóthar

Go dtí an 31 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar líon iomchuí pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe, a bheidh inrochtana don phobal, a imscaradh feadh an chroíghréasáin TEN-T ar a laghad, chun a chur ar a gcumas do mhótarfheithiclí tromshaothair a úsáideann meatán leachtaithe gluaiseacht ar fud an Aontais, má bhíonn éileamh ar a leithéid, ach amháin i gcás ina mbeidh na costais a bhaineann leis sin díréireach leis na tairbhí, lena n-áirítear na tairbhí don chomhshaol.

Airteagal 9 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí
Airteagal 10 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaí intíre

Airteagal 10

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaí intíre

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a) 

go n-imscarfar suiteáil amháin ar a laghad lena soláthrófar soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre ag gach calafort uiscebhealaí intíre den chroíghréasán TEN-T faoin 31 Nollaig 2024;

(b) 

go n-imscarfar suiteáil amháin ar a laghad lena soláthrófar soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre ag gach calafort uiscebhealaí intíre den ghréasán cuimsitheach TEN-T faoin 31 Nollaig 2029;

Airteagal 11 Spriocanna maidir le soláthar meatáin leachtaithe a sholáthar i gcalafoirt mhuirí
Airteagal 12 Spriocanna maidir le soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad
Airteagal 13 Bonneagar iarnróid

Airteagal 13

Bonneagar iarnróid

A mhéid a bhaineann le bonneagar iarnróid nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar fhorbairt teicneolaíochtaí breoslaí malartacha agus córas tiomána maidir le codanna d’iarnród nach féidir a leictriú go hiomlán ar chúiseanna teicniúla nó costéifeachtúlachta, amhail traenacha faoi thiomáint hidrigine nó traenacha faoi thiomáint ceallraí, agus, más ábhartha, ar aon riachtanais bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

Airteagal 14 Creataí beartais náisiúnta
Airteagal 15 Tuairisciú náisiúnta
Airteagal 16 Inneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn

Airteagal 16

Inneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn

Faoin 14 Deireadh Fómhair 2024, glacfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14 agus inneachar na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1). Féadfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach aon fhorálacha eile den Rialachán seo a éascú ar fud an Aontais.

Airteagal 17 Athbhreithniú ar chreataí beartais náisiúnta agus ar thuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn
Airteagal 18 Dul chun cinn a rianú
Airteagal 19 Faisnéis don úsáideoir
Airteagal 20 Forálacha maidir le sonraí
Airteagal 21 Sonraíochtaí teicniúla coiteanna
Airteagal 22 An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 23 An nós imeachta coiste
Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú
Airteagal 25 Aisghairm
Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Aibreán 2024.

IARSCRÍBHINN I Tuairisciú




IARSCRÍBHINN I

Tuairisciú

Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán:

1. 

socrú spriocanna

(a) 

réamh-mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig sna blianta 2025, 2030 agus 2035 i gcás:

— 
feithiclí saothair éadroim, ar leithligh i gcás feithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim, feithiclí hibride inluchtaithe saothair éadroim agus feithiclí faoi thiomáint hidrigine saothair éadroim;
— 
feithiclí tromshaothair, ar leithligh i gcás feithiclí ceallra-leictreacha tromshaothair agus feithiclí tromshaothair faoi thiomáint hidrigine;
(b) 

spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig sna blianta 2025, 2027, 2030, agus 2035 i gcás:

— 
bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim: an líon stáisiún athluchtaithe agus an aschur cumhachta (aicmiú na stáisiún athluchtaithe de réir Iarscríbhinn III);
— 
stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, más infheidhme;
— 
bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair: an líon stáisiún athluchtaithe agus an t-aschur cumhachta;
— 
stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, más infheidhme;
— 
stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: líon na stáisiún athbhreoslaithe, toilleadh na stáisiún athbhreoslaithe agus an nascóir a sholáthraítear;
— 
stáisiúin athbhreoslaithe ar bhóithre le haghaidh meatáin leachtaithe: líon na stáisiún athbhreoslaithe agus toilleadh na stáisiún;
— 
pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear an suíomh (calafort) agus an toilleadh in aghaidh an chalafoirt;
— 
soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh beacht (calafort) agus toilleadh gach suiteála laistigh den chalafort;
— 
soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh (calafort) agus toilleadh;
— 
soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, líon na suiteálacha in aghaidh an aerfoirt den chroíghréasán TEN-T nó an aerfoirt den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
— 
spriocanna agus cuspóirí náisiúnta eile nach ann do spriocanna náisiúnta éigeantacha ar fud an Aontais ina dtaobh, más iomchuí. I gcás bonneagar breoslaí malartacha i gcalafoirt, in aerfoirt agus i gcás iarnróid, ní mór suíomh agus toilleadh/méid na suiteála a thuairisciú;
2. 

rátaí úsáide: i gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), úsáid an bhonneagair sin a thuairisciú;

3. 

leibhéal bainte amach na spriocanna náisiúnta arna dtuairisciú chun breoslaí malartacha a chur in úsáid sna modhanna éagsúla iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer):

— 
leibhéal bainte amach na spriocanna maidir le himscaradh bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) i gcás na modhanna iompair uile is infheidhme, go háirithe maidir le stáisiúin athluchtaithe, córas bóithre leictreacha (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre, buncaeireacht meatáin leachtaithe sna príomhchalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí malartacha eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad;
— 
i gcás pointí athluchtaithe, lena sonraítear an cóimheas idir bonneagar poiblí agus bonneagar príobháideach;
— 
bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha;
4. 

an t-athbhreithniú ar na cásanna ina bhfuil úsáid bainte ag na Ballstáit as na maoluithe a leagtar síos in Airteagal 3, míreanna (6), (7) agus (8), Airteagal 4, míreanna (6), (7) agus (8) agus Airteagal 6, mír (4);

5. 

bearta dlíthiúla: faisnéis faoi bhearta dlíthiúla, a bhféadfadh bearta reachtacha, rialála nó riaracháin a bheith i gceist leo chun tacú le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt, amhail ceadanna tógála, ceadanna áiteanna páirceála, deimhniú ar fheidhmíocht chomhshaoil gnólachtaí agus lamháltais maidir le stáisiún athluchtaithe agus athbhreoslaithe;

6. 

faisnéis faoi na bearta beartais lena dtacaítear le cur chun feidhme an chreata beartais náisiúnta, lena n-áirítear:

— 
dreasachtaí díreacha chun modhanna iompair a úsáideann breoslaí malartacha a cheannach nó chun an bonneagar a fhorbairt;
— 
infhaighteacht dreasachtaí cánach chun modhanna iompair a úsáideann breoslaí malartacha agus an bonneagar ábhartha a chur chun cinn;
— 
úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun tacú le breoslaí malartacha, lena n-áirítear comhsholáthar;
— 
dreasachtaí neamhairgeadais de réir an éilimh, mar shampla rochtain fhabhrach ar limistéir theoranta, beartas páirceála agus lánaí tiomnaithe;
7. 

tacaíocht na hearnála poiblí i dtaca le cur in úsáid agus monarú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

— 
an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid, arna mhiondealú de réir an bhreosla mhalartaigh agus de réir an mhodha iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer);
— 
an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le gléasraí monaraíochta le haghaidh teicneolaíochtaí breosla mhalartaigh, arna mhiondealú de réir breosla malartach;
— 
aon riachtanais ar leith a chur san áireamh le linn na chéad chéime d’imscaradh bonneagair breoslaí malartacha;
8. 

taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (RTD&D): an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le RTD&D ar bhreoslaí malartacha.

IARSCRÍBHINN II Sonraíochtaí teicniúla




IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí teicniúla

▼M1

0. Sainmhínithe:

Chun críche na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “suiteáil” lonnú tosaigh trealaimh ábhartha uile pointe athluchtaithe, lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí agus bonneagar leictreach gaolmhar, amhail naisc soláthair leictreachais, claochladáin, agus córais leictreacha eile, chun gur féidir feithiclí leictreacha a athluchtú;

(b) 

ciallaíonn “athchóiriú” athsholáthar mór nó iomlán trealaimh ábhartha pointe athluchtaithe.

▼M1

1.1. Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim:

— 
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad, nó, más é go bhfuil cumhacht níos lú ná 3,7 kW nó cothrom leis sin acu agus más é a bpríomhfheidhm feithiclí leictreacha a athluchtú i Mód 2, beidh siad feistithe le hasraonta soicéid atá i gcomhréir le caighdeán IEC 60884-1:2022; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
— 
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;

1.2. Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim:

— 
maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
— 
maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;

1.3. Pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha de chatagóir L:

1.3.1. Na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA), agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 3,7 kW nó cothrom leis sin acu, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a) 

asraonta soicéid nó nascóirí feithicle de Chineál 3A ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022 (le haghaidh athluchtú i Mód 3);

(b) 

asraonta soicéid atá i gcomhréir le caighdeán IEC 60884-1:2022 (le haghaidh athluchtú i Mód 1 nó Mód 2).

1.3.2. Na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L os cionn 3,7 kW a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L os cionn 3,7 kW a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad.

1.3.3. Maidir leis na pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth díreach (SD) agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha de chatagóir L a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad.

1.4. Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh busanna leictreacha:

— 
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh busanna leictreacha a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí de Chineál 2 le haghaidh athluchtú i Mód 3, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-2:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-2:2017 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad;
— 
maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh busanna leictreacha a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad; maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) a shuiteálfar roimh an dáta sin, leanfaidh siad de chaighdeán EN IEC 62196-3:2014 a chomhlíonadh go dtí go n-athchóireofar iad,

▼B

1.5. Maidir le gaireas uathoibrithe comhéadain teagmhála le haghaidh busanna leictreacha a athluchtaítear gan sreang i mód 4, i gcomhréir le caighdeán EN 61851-23-1:2020, beidh sé feistithe le comhéadain mheicniúla agus leictreacha ar a laghad, mar a shainmhínítear i gcaighdeán EN 50696:2021, maidir leis an méid seo a leanas:

— 
gaireas uathnasctha (ACD) atá suite ar an mbonneagar (pantagraf);
— 
gaireas uathnasctha (ACD) atá suite ar dhíon na feithicle;
— 
gaireas uathnasctha (ACD) atá suite faoin bhfeithicil;
— 
gaireas uathnasctha atá suite ar an mbonneagar agus a nascann le taobh na feithicle nó atá suite ar dhíon na feithicle.

▼M1

1.6. Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair:

— 
Maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá in ann leictreachas a sholáthar d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim agus d’fheithiclí leictreacha tromshaothair araon, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle an chomhchórais luchtaithe “Combo 2” le haghaidh athluchtú i Mód 4, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN IEC 62196-3:2022, ar a laghad.

1.7. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim:

Maidir le pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim atá tiomnaithe d’athluchtú ionduchtach statach gan sreang, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na rudaí seo a leanas:

— 
EN IEC 61980-1:2021 “Córais aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 1: Ceanglais ghinearálta”;
— 
EN IEC 61980-2:2023 “Córais aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 2: Ceanglais shonracha le haghaidh cumarsáid agus gníomhaíochtaí maidir le córas aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh réimse maighnéadach”;
— 
EN IEC 61980-3:2022 “Córais aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 3: Ceanglais shonracha maidir le córas aistrithe cumhachta gan sreang le haghaidh réimse maighnéadaigh.”

▼B

1.8. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.9. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim.

1.10. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.11. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.12. Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.13. Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil lastuas trí phantagraf le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

▼M1

1.14. Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí ráillí seoltacha le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair:

Maidir le bonneagar athluchtaithe le haghaidh sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) atá tiomnaithe do chóras bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí ráillí seoltacha le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair atá feistithe le gairis tiomsaitheora srutha ar leibhéal na talún, a fhágann gur féidir le feithiclí bóthair sruth seolta a thiomsú ó rian beathaithe atá comhtháite sa bhóthar, comhlíonfaidh sé na rudaí seo a leanas, chun críoch idir-inoibritheachta:

— 
CLC/TS 50717:2022 “Ceanglais theicniúla le haghaidh tiomsaitheoirí srutha maidir le córas beathaithe ar leibhéal na talún ar fheithiclí bóthair atá á n-oibriú.”

▼B

1.15. Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha de chatagóir L.

1.16. Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh gluaisteáin leictreacha paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim.

1.17. Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.18. Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe chun rochtain d’úsáideoirí faoi mhíchumas a áirithiú.

2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú cumarsáide in earnáil athluchtaithe na bhfeithiclí leictreacha

▼M1

2.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe (cumarsáid ó fheithicil go heangach):

2.1.1. Maidir leis na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 8 Eanáir 2026, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na caighdeáin seo a leanas ar a laghad:

— 
EN ISO 15118-1:2019 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 1: Faisnéis ghinearálta agus sainiú ar an gcás úsáide”;
— 
EN ISO 15118-2:2016 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 2: Ceanglais an phrótacail líonra agus an phrótacail cur i bhfeidhm”;
— 
EN ISO 15118-3:2016 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 3: Ceanglais na sraithe fisicí agus shraith an naisc sonraí”;
— 
EN ISO 15118-4:2019 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 4: Tástáil chomhréireachta an phrótacail líonra agus an phrótacail cur i bhfeidhm”;
— 
EN ISO 15118-5:2019 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 5: Tástáil chomhréireachta na sraithe fisicí agus shraith an naisc sonraí”.

2.1.2. Maidir leis na pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 1 Eanáir 2027, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, le caighdeáin EN ISO 15118-20:2022 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 20: Ceanglais na sraithe líonra agus na sraithe cur i bhfeidhm den dara glúin”, ar a laghad. I gcás go gcuireann pointí athluchtaithe den chineál sin seirbhísí fíordheimhnithe agus údaraithe uathoibríoch ar fáil, amhail plugáil isteach agus luchtú, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta agus sábháilteachta, le caighdeáin EN ISO 15118-2:2016 agus caighdeán EN ISO 15118-20:2022 araon.

2.1.3. Maidir leis na pointí athluchtaithe príobháideacha ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) agus sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair a shuiteálfar nó a athchóireofar ón 1 Eanáir 2027, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na caighdeáin seo a leanas ar a laghad:

(a) 

EN IEC 61851-1:2019 “Córas luchtaithe sheoltaigh le haghaidh feithiclí leictreacha – Cuid 1: Riachtanais ghinearálta” (le haghaidh athluchtú i Mód 2);

(b) 

EN ISO 15118-20:2022 “Feithiclí bóthair – Comhéadan cumarsáide ó fheithicil go heangach – Cuid 20: Ceanglais na sraithe líonra agus na sraithe cur i bhfeidhm den dara glúin” (le haghaidh athluchtú i Mód 3 nó Mód 4).

▼B

2.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an phointe athluchtaithe (cumarsáid chúil).

2.3. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe, na soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta agus na hardáin ríomhfhánaíochta.

2.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe agus na hoibreoirí córais dáilte.

3. Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar hidrigine le haghaidh feithiclí iompair de bhóthar

▼M1

3.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí saothair éadroim, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na ceanglais idir-inoibritheachta ar a dtugtar tuairisc i gcaighdeán EN 17127:2024 ar a laghad.

▼B

3.2. Na saintréithe cáilíochta hidrigine a dháiltear le pointí athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad na ceanglais ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 17124:2022. Tugtar tuairisc sa chaighdeán freisin ar na modhanna chun a áirithiú go gcomhlíonfar cáilíocht na hidrigine.

▼M1

3.3. 

Comhlíonfaidh an t-algartam breoslaithe hidrigin ceanglais chaighdeán EN 17127:2024.

▼B

3.4. A luaithe a thabharfar próiseas deimhnithe chaighdeán EN ISO 17268:2020 i gcrích, comhlíonfaidh na nascóirí mótarfheithiclí le haghaidh athbhreoslú hidrigine gásaí an caighdeán sin ar a laghad.

▼M1

3.5. Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí tromshaothair, beidh siad i gcomhréir, chun críoch idir-inoibritheachta, leis na ceanglais ar a dtugtar tuairisc i gcaighdeán EN 17127:2024 ar a laghad.

▼B

3.6. Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin leachtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair.

4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le meatán le haghaidh iompar de bhóthar

4.1. Maidir le pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite (CNG) le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad brú breoslaithe (brú seirbhíse) de leithead 20,0 MPa (200 bar) ag 15 °C. Ceadaítear uasbhrú breoslaithe 26,0 MPa ag a bhfuil ‘cúiteamh teochta’ i gcomhréir le caighdeán EN ISO 16923:2018.

4.2. Comhlíonfaidh próifíl an nascóra Rialachán Uimh. 110 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip lena dtagraítear do chodanna I agus II i gcaighdeán EN ISO 14469:2017.

4.3. Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcás meatán leachtaithe le haghaidh mótarfheithiclí beidh siad i gcomhréir le brú breoslaithe atá níos ísle ná uasbhrú oibre incheadaithe umar na feithicle mar a luaitear i gcaighdeán EN ISO 16924:2018, ‘Stáisiúin breoslaithe gáis nádúrtha – stáisiúin GNL le haghaidh feithiclí breoslaithe’. Ina theannta sin, comhlíonfaidh próifíl an nascóra caighdeán EN ISO 12617:2017 ‘Feithiclí bóthair – nascóir athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) – nascóir 3,1 MPa’.

5. Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

5.1. Maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh longa farraige, lena n-áirítear dearadh, suiteáil agus tástáil na gcóras, comhlíonfaidh sé, ar a laghad, sonraíochtaí teicniúla chaighdeán EC/IEEE 80005-1:2019/AMD1:2022, a mhéid a bhaineann le naisc ardvoltais cois cladaigh.

5.2. Maidir le plocóidí, asraonta soicéid agus cúplairí loinge le haghaidh nasc ardvoltais cois cladaigh, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, sonraíocht theicniúil caighdeán IEC 62613-1:2019

5.3. Maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh soithí uiscebhealaigh intíre, comhlíonfaidh sé, ar a laghad, caighdeán EN 15869-2:2019 nó caighdeán EN 16840:2017 ag brath ar na riachtanais fuinnimh.

5.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí muirí, lena n-áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí muirí.

5.5. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, lena n-áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

5.6. Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadain chumarsáide ó shoitheach go calafort i gcórais uathoibríocha soláthair cumhachta ar tír (OPS) agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí muirí.

5.7. Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadain chumarsáide ó shoitheach go calafort i gcórais uathoibríocha soláthair cumhachta ar tír (OPS) agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

5.8. Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú agus athluchtú ceallraí ag stáisiúin ar tír le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

6. Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht hidrigine le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

6.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine.

6.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine.

6.3. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin leachtach le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine.

6.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin leachtach le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine.

7. Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

7.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint meatánóil.

7.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint meatánóil.

8. Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

8.1. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint amóinia.

8.2. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint amóinia.

9. Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe meatáin leachtaithe le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

9.1. Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcomhair meatán leachtaithe le haghaidh longa farraige, nach gcumhdaítear leis an gCód Idirnáisiúnta um Thógáil agus Trealamh Long a Iompraíonn Gáis Leachtaithe i mBulc (Cód IGC), comhlíonfaidh siad, ar a laghad, caighdeán EN ISO 20519:2017.

9.2. Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcomhair meatán leachtaithe le haghaidh soithí uiscebhealaigh intíre, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, caighdeán EN ISO 20519:2017 (codanna 5.3 go 5.7) chun críoch idir-inoibritheachta amháin.

10. Sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le lipéadú breoslaí

10.1. Maidir leis an lipéad ‘Breoslaí - Sainaithint comhoiriúnachta feithicle - Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 16942:2016+A1:2021.

10.2. Maidir leis an lipéad ‘Sainaithint comhoiriúnachta feithiclí agus bonneagar - Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí maidir le soláthar cumhachta EV’ comhlíonfaidh sé, ar a laghad, caighdeán EN 17186:2019.

10.3. An mhodheolaíocht choiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí malartacha a leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/732 ón gCoimisiún ( 8 ).

10.4. Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe leictreacha agus saoráidí athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh iompar d’iarnród.

IARSCRÍBHINN III Ceanglais tuairiscithe maidir le feithiclí leictreacha agus bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a imscaradh




IARSCRÍBHINN III

Ceanglais tuairiscithe maidir le feithiclí leictreacha agus bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a imscaradh

1. Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú ar imscaradh feithiclí leictreacha a chatagóiriú mar seo a leanas:

— 
feithiclí ceallra-leictreacha, ar leithligh i gcás chatagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3
— 
feithiclí hibride inluchtaithe, ar leithligh i gcás chatagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

2. Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú maidir le himscaradh pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal a aicmiú mar seo a leanas:



Catagóir

Fochatagóir

Aschur uasta cumhachta

Sainmhíniú de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo

Catagóir 1 (SA)

Pointe athluchtaithe mall,

SA, aonchéim

P < 7,4 kW

Pointe athluchtaithe gnáthchumhachta

Pointe athluchtaithe faoi mheánluas,

SA, tríchéim

7,4 kW ≤ P ≤ 22 kW

Pointe athluchtaithe tapa,

SA, tríchéim

P > 22 kW

Pointe athluchtaithe ardchumhachta

Catagóir 2 (SD)

Pointe athluchtaithe mall, SD

P < 50 kW

Pointe athluchtaithe tapa, SD

50 kW ≤ P < 150 kW

Leibhéal 1 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD

150 kW ≤ P < 350 kW

Leibhéal 2 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD

P ≥ 350 kW

3. Ní mór na sonraí seo a leanas a sholáthar ar leithligh le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d‘fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair:

— 
líon na bpointí athluchtaithe, atá le tuairisciú le haghaidh gach ceann de na catagóirí faoi phointe 2;
— 
líon na stáisiún athluchtaithe, atá le tuairisciú le haghaidh gach ceann de na catagóirí faoi phointe 2;
— 
iomlán comhiomlánaithe aschuir cumhachta na stáisiún athluchtaithe.
IARSCRÍBHINN IV Tábla comhghaoil




IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil



Treoir 2014/94/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 14

Airteagal 4

Airteagail 3, 4, 5, 9 agus 10

Airteagal 5

Airteagal 6

-

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagail 8 agus 11

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13

Airteagal 7

Airteagal 19

Airteagal 8

Airteagal 22

Airteagal 9

Airteagal 23

Airteagal 10

Airteagail 15, 16 agus 24

-

Airteagal 17

-

Airteagal 18

-

Airteagal 20

-

Airteagal 21

-

Airteagal 25

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 26

Airteagal 13

-

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

-

Iarscríbhinn III

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.