+Airteagal 15 3.

Airteagal 15 3.

Faoin 30 Meitheamh 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an gcaoi a bhféadfaí a chur ar a gcumas d’fheithiclí leictreacha rannchuidiú a thuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa mhargadh cothromúcháin, agus le hionsú breise an leictreachais in-athnuaite de thairbhe imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gach cineál pointe athluchtaithe, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil athluchtú cliste déthreoch, agus gach cineál aschuir cumhachta, bídís poiblí nó príobháideach, agus soláthrófar moltaí maidir leis an gcineál pointe athluchtaithe, an teicneolaíocht tacaíochta agus an dáileadh geografach chun cumas úsáideoirí a bhfeithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras a éascú. Sainaithneofar leis an measúnú sin bearta iomchuí a bheidh le cur chun feidhme chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear na bearta sin chun comhsheasmhacht pleanála bonneagair leis an bpleanáil chomhfhreagrach eangaí a áirithiú. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile agus cuirfear ar fáil go poiblí é. Féadfaidh gach Ballstát iarraidh ar a údarás rialála an measúnú sin a dhéanamh. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, bearta iomchuí chun pointí athluchtaithe breise a imscaradh agus cuirfidh siad na bearta sin san áireamh sna tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh na hoibreoirí córais aird ar an measúnú agus ar na bearta sna pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.