+Airteagal 15 Tuairisciú náisiúnta
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
|
Airteagal 15 Tuairisciú náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil neamhspleách náisiúnta ar dhul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a chreata beartais náisiúnta. Déanfar an tuarascáil a dhréachtú i bhfoirm sholéite intuigthe agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Cumhdófar sa tuarascáil náisiúnta ar dhul chun cinn an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I agus áireofar inti, i gcás inarb iomchuí, bonn cirt ábhartha maidir le leibhéal bainte amach na spriocanna agus na gcuspóirí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), chomh maith le léiriú ar na bearta atá le déanamh chun na spriocanna agus na cuspóirí sin a bhaint amach sa todhchaí.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Faoin 30 Meitheamh 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an gcaoi a bhféadfaí a chur ar a gcumas d’fheithiclí leictreacha rannchuidiú a thuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa mhargadh cothromúcháin, agus le hionsú breise an leictreachais in-athnuaite de thairbhe imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gach cineál pointe athluchtaithe, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil athluchtú cliste déthreoch, agus gach cineál aschuir cumhachta, bídís poiblí nó príobháideach, agus soláthrófar moltaí maidir leis an gcineál pointe athluchtaithe, an teicneolaíocht tacaíochta agus an dáileadh geografach chun cumas úsáideoirí a bhfeithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras a éascú. Sainaithneofar leis an measúnú sin bearta iomchuí a bheidh le cur chun feidhme chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear na bearta sin chun comhsheasmhacht pleanála bonneagair leis an bpleanáil chomhfhreagrach eangaí a áirithiú. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile agus cuirfear ar fáil go poiblí é. Féadfaidh gach Ballstát iarraidh ar a údarás rialála an measúnú sin a dhéanamh. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, bearta iomchuí chun pointí athluchtaithe breise a imscaradh agus cuirfidh siad na bearta sin san áireamh sna tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh na hoibreoirí córais aird ar an measúnú agus ar na bearta sna pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Ar bhonn an ionchuir ó oibreoirí córas tarchurtha agus ó oibreoirí córas dáileacháin, déanfaidh údarás rialála gach Ballstáit measúnú, faoin 30 Meitheamh 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ar rannchuidiú ionchasach an athluchtaithe dhéthreoch le laghdú a dhéanamh ar chostais úsáideoirí agus córais agus le sciar an leictreachais in-athnuaite sa chóras leictreachais a mhéadú. Cuirfear an measúnú sin ar fáil go poiblí. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun infhaighteacht agus dáileadh geografach na bpointí athluchtaithe déthreocha a choigeartú, i limistéir phríobháideacha agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|