|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 258 CFAE, i gcás inar léir ón tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ó aon fhaisnéis atá ar fáil ag an gCoimisiún go bhfuil baol ann nach ndéanfaidh Ballstát a spriocanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint chuige sin agus moladh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun na spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Laistigh de 3 mhí tar éis fhionnachtana an Choimisiúin a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na bearta ceartaitheacha atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun na spriocanna náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhaint amach, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí breise atá beartaithe ag an mBallstát a chur chun feidhme chun na spriocanna sin a bhaint amach; agus
(b)
tráthchlár soiléir le haghaidh gníomhaíochtaí lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn bliantúil i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach. I gcás ina bhfionnann an Coimisiún go bhfuil na bearta ceartaitheacha sásúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an tuarascáil náisiúnta is déanaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt cothrom le dáta leis na bearta ceartaitheacha sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í. Déanfaidh an Coimisiún a mholtaí, agus na bearta ceartaitheacha agus na gníomhaíochtaí breise a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann a chur ar fáil go poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|