+Airteagal 18 Dul chun cinn a rianú
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
|
Airteagal 18 Dul chun cinn a rianú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Faoin 31 Márta 2025 agus faoin 31 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an t-iomlán comhiomlánaithe den aschur cumhachta athluchtaithe agus líon na bpointí athluchtaithe atá curtha in úsáid agus a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus líon na bhfeithiclí ceallra-leictreacha agus na bhfeithiclí hibrideacha inluchtaithe atá cláraithe ar a gcríoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 258 CFAE, i gcás inar léir ón tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ó aon fhaisnéis atá ar fáil ag an gCoimisiún go bhfuil baol ann nach ndéanfaidh Ballstát a spriocanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint chuige sin agus moladh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun na spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Laistigh de 3 mhí tar éis fhionnachtana an Choimisiúin a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na bearta ceartaitheacha atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun na spriocanna náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhaint amach, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí breise atá beartaithe ag an mBallstát a chur chun feidhme chun na spriocanna sin a bhaint amach; agus
(b)
tráthchlár soiléir le haghaidh gníomhaíochtaí lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn bliantúil i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach.
I gcás ina bhfionnann an Coimisiún go bhfuil na bearta ceartaitheacha sásúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an tuarascáil náisiúnta is déanaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt cothrom le dáta leis na bearta ceartaitheacha sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í. Déanfaidh an Coimisiún a mholtaí, agus na bearta ceartaitheacha agus na gníomhaíochtaí breise a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann a chur ar fáil go poiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|