4. Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (c) maidir leis an bhfuinneamh arna úsáid ag longa ar mhuiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí, agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún is forimeallaí, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de na calafoirt chuarda sna réigiúin is forimeallaí sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.