+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
---+Airteagal 2 5
---+Airteagal 2 6
---+Airteagal 2 7
|
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa ar fad a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu a mbíonn sé de chuspóir acu paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála, beag beann ar a mbratach, maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an fuinneamh arna úsáid le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit;
|
|
(b)
|
an fuinneamh ar fad arna úsáid ar mhuiraistir ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit;
|
|
(c)
|
d’ainneoin phointe (b), leath den fhuinneamh arna úsáid i gcás muiraistear a thagann isteach i gcalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn ó chalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí faoi dhlínse Ballstáit; agus
|
|
(d)
|
leath an fhuinnimh arna úsáid ar mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, i gcás ina bhfuil an calafort cuarda deiridh nó an chéad chalafort cuarda eile faoi dhlínse tríú tír.
|
|
|
Airteagal 2 2
|
2. Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear liosta de chalafoirt trasloingsithe coimeádán comharsanachta. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta faoin 31 Nollaig gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
Liostófar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír calafort mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta i gcás inar mó sciar trasloingsithe na gcoimeádán, arna thomhas in aonaid is coibhéiseach le 20 troigh, ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí dá bhfuil sonraí ábhartha ar fáil, agus i gcás ina bhfuil an calafort sin lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.
Chun críoch na ngníomhartha cur chun feidhme sin, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go dtí an calafort d’aon toisc chun iad a luchtú ar long eile.
Ní áireofar ar liosta na gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta arna bhunú ag an gCoimisiún calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach leis an Rialachán seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
|
|
Airteagal 2 3
|
3. Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (b) maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear ar mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí seachas longa cúrsála paisinéirí idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, agus calafort cuarda atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna agus atá lonnaithe in oileán ina bhfuil níos lú ná 200 000 buanchónaitheoir, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda an oileáin sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (c) maidir leis an bhfuinneamh arna úsáid ag longa ar mhuiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí, agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún is forimeallaí, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de na calafoirt chuarda sna réigiúin is forimeallaí sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 2 5
|
5. Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile longa paisinéirí a dhéanann muiraistir thrasnáisiúnta faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 maidir le calafoirt cuarda Ballstát eile. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 2 6
|
6. Féadfaidh na Ballstáit longa paisinéirí a sholáthraíonn seirbhísí muiriompair de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí, a bheidh á n-oibriú roimh an 12 Deireadh Fómhair 2023, le haghaidh na mbealaí sonracha idir a gcalafoirt chuarda mhórthíre agus na calafoirt chuarda atá faoina ndlínse agus atá lonnaithe in oileán nó i gcathracha Ceuta agus Melilla. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Chun críocha chur i bhfeidhm na míre seo, measfar gur calafoirt chuarda ar oileán iad cathracha Ceuta agus Melilla.
|
|
Airteagal 2 7
|
7. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa atá faoi úinéireacht nó atá á n-oibriú ag rialtas agus a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|