1. I gcás gach loinge agus i gcás ina n-athraítear an fíoraitheoir, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann, gan aon mhoill mhíchuí, athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora le haghaidh measúnú deiridh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta lena mbaineann ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse sin thar thús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.