3. Beidh dóthain acmhainne agus foirne ag fíoraitheoirí i gcónaí chun iad a chumasú chun déileáil le méid an chabhlaigh a ndéanann siad gníomhaíochtaí fíorúcháin ina leith faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh saineolas leordhóthanach i gcónaí ag fíoraitheoirí, go háirithe ar mhuiriompar, chun iad a chumasú na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Beidh siad in ann acmhainn agus foireann a shannadh do gach áit oibre, nuair is gá sin agus de réir mar is gá sin chun na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.