5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí, maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad: iarraidh ar chreidiúnú le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo; measúnú ar na fíoraitheoirí, arna dhéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta; gníomhaíochtaí faireachais arna ndéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun leanúnachas an chreidiúnaithe a dheimhniú; bearta riaracháin atá le glacadh mura gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo; agus ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun a bheith inniúil chun creidiúnú a sholáthar d’fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíoraithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe. Beidh na modhanna agus na critéir a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11, 12 agus 13 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.