1. Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach FuelEU chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo (‘bunachar FuelEU’), áiritheoidh an Coimisiún feidhmiú an bhunachair sonraí sin agus nuashonróidh sé é. Bainfear úsáid as bunachar sonraí FuelEU chun taifead a choinneáil ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fíorúcháin, ar iarmhéid comhlíontachta long, lena n-áirítear úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21, ar chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 6(5), ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le híocaíocht na bpionós FuelEU arna bhforchur faoi Airteagal 23 agus ar eisiúint an doiciméid comhlíontachta FuelEU. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus aon eintiteas cuí-údaraithe, na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus an Coimisiún air, maille le cearta agus feidhmiúlachtaí rochtana iomchuí a chomhfhreagraíonn dá bhfreagrachtaí faoi seach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.