+Airteagal 19 Bunachar sonraí agus tuairisciú FuelEU
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
|
Airteagal 19 Bunachar sonraí agus tuairisciú FuelEU
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach FuelEU chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo (‘bunachar FuelEU’), áiritheoidh an Coimisiún feidhmiú an bhunachair sonraí sin agus nuashonróidh sé é. Bainfear úsáid as bunachar sonraí FuelEU chun taifead a choinneáil ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fíorúcháin, ar iarmhéid comhlíontachta long, lena n-áirítear úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21, ar chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 6(5), ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le híocaíocht na bpionós FuelEU arna bhforchur faoi Airteagal 23 agus ar eisiúint an doiciméid comhlíontachta FuelEU. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus aon eintiteas cuí-údaraithe, na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus an Coimisiún air, maille le cearta agus feidhmiúlachtaí rochtana iomchuí a chomhfhreagraíonn dá bhfreagrachtaí faoi seach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Cuirfear aon eilimintí a thaifeadfar nó a mhodhnófar i mbunachar sonraí FuelEU in iúl do na heintitis a mbeidh rochtain acu orthu.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha maidir le cearta rochtana agus sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla bhunachar sonraí FuelEU, lena n-áirítear rialacha maidir le fógra a thabhairt agus scagadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|