3. I gcás ina dteipeann ar long an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24 a chomhlíonadh 2 thréimhse tuairiscithe as a chéile nó níos mó agus i gcás inar theip ar bhearta eile forfheidhmiúcháin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda, i gcás long nach bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aici agus tar éis dó deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a chur faoina bhráid, ordú díbeartha a eisiúint. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda ordú díbeartha a eisiúint, cuirfidh sé an t-ordú sin in iúl don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann trí bhunachar sonraí FuelEU. Cé is moite d’aon Bhallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ar an long, diúltóidh gach Ballstát cead iontrála chuig aon chalafort dá chuid don long atá faoi réir ordú díbeartha go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí. I gcás nach gcomhlíonann long an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24 ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe nó níos mó as a chéile agus go dtéann sí isteach i gcalafort de chuid an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain aici, ordóidh an Ballstát lena mbaineann, fad a bheidh an long sin i gceann dá chalafoirt, an bhratach a choinneáil go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí.