5. I gcás ina nglacfaidh IMO caighdeán domhanda breosla GCT nó teorainneacha domhanda maidir le déine GCT don fhuinneamh arna úsáid ag long ar bord, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gan mhoill. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún an beart domhanda sin a mhéid a bhaineann lena uaillmhian i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras agus a shláine chomhshaoil fhoriomlán. Scrúdóidh sé freisin aon saincheist a bhaineann le nascadh agus ailíniú féideartha an Rialacháin seo leis an mbeart domhanda sin, lena n-áirítear an gá atá le rialáil dhúblála ar astaíochtaí GCT ó mhuiriompar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, agus í sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair, darb aidhm sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais a chaomhnú.