+Airteagal 7 Soláthar hidrigine agus leictreachais a chur chun cinn ag aerfoirt de chuid an Aontais
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
|
Airteagal 7 Soláthar hidrigine agus leictreachais a chur chun cinn ag aerfoirt de chuid an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Comhoibreoidh comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais, soláthróirí breosla eitlíochta agus láimhseálaithe breosla, i gcás inarb iomchuí, lena mBallstát faoi seach chun na creataí beartais náisiúnta a ullmhú le haghaidh imscaradh bonneagar breoslaí malartacha in aerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
).
|
|
Airteagal 7 2.
|
Comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais, soláthróirí breosla eitlíochta agus láimhseálaithe breosla, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na creataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nuair a bheidh creat den sórt sin glactha, comhoibreoidh siad agus déanfaidh siad iarrachtaí chun rochtain oibreoirí aerárthaí a éascú ar hidrigin nó ar leictreachas a úsáidtear go príomha chun aerárthach a thiomáint agus iarrachtaí chun an bonneagar agus na seirbhísí a sholáthar is gá chun hidrigin nó leictreachas den sórt sin a sheachadadh, a stóráil agus a ardú chun aerárthaí a athbhreoslú nó a athluchtú i gcomhréir le creataí beartais náisiúnta chun bonneagar breosla malartacha a imscaradh i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Faoin 31 Márta 2025, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh comhlachtaí bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht maidir le dul chun cinn na dtionscadal atá ann cheana, i leith a n-aerfort Aontais faoi seach, a shaothraíonn aon cheann de na tionscnaimh dá dtagraítear i mír 2. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis, atá ar fáil go poiblí nó is féidir a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, réamh-mheastacháin ar thoirteanna agus ar chineál an táirgthe hidrigine agus leictreachais agus ar sholáthar d’oibreoirí aerárthaí ag aerfort an Aontais chomh maith le pleananna imscartha le haghaidh bonneagair agus seirbhísí athluchtaithe agus athbhreoslaithe i gcás ina nglacfar na pleananna sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|