|
+Airteagal 14 4. |
Airteagal 14 4.Déanfaidh an Ghníomhaireacht an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara agus an éifeachtúlacht CO2 a mheastar a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair d’eitilt a chinneadh ar bhonn modheolaíocht chaighdeánaithe eolaíochtbhunaithe agus na faisnéise ó oibreoirí aerárthaí a bhaineann le gach ceann de na fachtóirí seo a leanas nó le cuid díobh:
(a)
na cineálacha aerárthaí, meánlíon na bpaisinéirí agus na n-ualaí lasta arna bhforlíonadh nuair is gá le meastacháin ar na fachtóirí sin, mar shampla meán-lódfhachtóirí an bhealaigh shonraithe ar feadh tréimhse áirithe ama; agus
(b)
feidhmíocht an bhreosla a úsáidtear ar na heitiltí a dhéanann an t-oibreoir aerárthaí bunaithe ar ghlacadh breosla agus ar úsáid méadrachta, amhail méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna chur ar bord, an céatadán thar ghlacadh iomlán an bhreosla, an cháilíocht agus an bunadh, comhdhéanamh agus astaíochtaí saolré a bhaineann le húsáid breosla arna ríomh le haghaidh na heitilte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|