+Airteagal 14 Scéim Lipéadaithe Comhshaoil
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.
---+Airteagal 14 12.

Airteagal 14 Scéim Lipéadaithe Comhshaoil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Bunaítear leis seo scéim dheonach lipéadaithe comhshaoil lena bhféadfar feidhmíocht chomhshaoil na n-eitiltí a thomhas.
Airteagal 14 2.
Lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm acu maidir le hoibreoirí aerárthaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcás eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais. I gcás ina n-iarrfaidh oibreoir aerárthaí go n-eiseofar lipéad faoin Airteagal seo, iarrfaidh an t-oibreoir lipéad mar sin le haghaidh a eitiltí nó a heitiltí go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais.

Féadfaidh oibreoirí aerárthaí a iarraidh go n-eiseofar lipéid faoin Airteagal seo freisin le haghaidh a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a thagann isteach in aerfoirt de chuid an Aontais. I gcás ina n-iarrfaidh oibreoir aerárthaí go n-eiseofar lipéad faoin bhfomhír seo, iarrfaidh an t-oibreoir lipéad mar sin le haghaidh a eitiltí nó a heitiltí go léir a thagann isteach in aerfoirt de chuid an Aontais.

Airteagal 14 3.
Déanfaidh lipéid arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo leibhéal feidhmíochta comhshaoil eitilte a dheimhniú ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. Cinnfear leibhéal feidhmíochta comhshaoil eitilte ar bhonn mheánfheidhmíocht chomhshaoil na n-eitiltí a dhéanfaidh oibreoir aerárthaí ar leith ar bhealach sonrach don tréimhse sceidealaithe chomhfhreagrach roimhe sin de réir bhrí Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo:

(a) 

an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara, arna shloinneadh i méadrachta amhail i gcileagraim CO2 in aghaidh an phaisinéara, do thréimhse bhailíochta an lipéid;

(b) 

an éifeachtúlacht CO2 a bhfuiltear ag dréim léi in aghaidh an chiliméadair, arna shloinneadh i méadrachta amhail i ngraim CO2 in aghaidh an phaisinéara in aghaidh an chiliméadair, do thréimhse bhailíochta an lipéid.

Airteagal 14 4.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara agus an éifeachtúlacht CO2 a mheastar a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair d’eitilt a chinneadh ar bhonn modheolaíocht chaighdeánaithe eolaíochtbhunaithe agus na faisnéise ó oibreoirí aerárthaí a bhaineann le gach ceann de na fachtóirí seo a leanas nó le cuid díobh:

(a) 

na cineálacha aerárthaí, meánlíon na bpaisinéirí agus na n-ualaí lasta arna bhforlíonadh nuair is gá le meastacháin ar na fachtóirí sin, mar shampla meán-lódfhachtóirí an bhealaigh shonraithe ar feadh tréimhse áirithe ama; agus

(b) 

feidhmíocht an bhreosla a úsáidtear ar na heitiltí a dhéanann an t-oibreoir aerárthaí bunaithe ar ghlacadh breosla agus ar úsáid méadrachta, amhail méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna chur ar bord, an céatadán thar ghlacadh iomlán an bhreosla, an cháilíocht agus an bunadh, comhdhéanamh agus astaíochtaí saolré a bhaineann le húsáid breosla arna ríomh le haghaidh na heitilte.

Airteagal 14 5.
Lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo, beidh siad bailí ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná aon bhliain amháin a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 11, pointe (c). Taispeánfaidh an t-oibreoir aerárthaí go soiléir tréimhse bhailíochta an lipéid mar aon leis an lipéad.
Airteagal 14 6.
Eiseoidh an Ghníomhaireacht lipéid arna iarraidh sin d’oibreoir aerárthaí le haghaidh gach eitilte nó gach tacair d’eitiltí a oibrítear faoi na coinníollacha céanna, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 3 agus na modheolaíochta caighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe agus na fachtóirí caighdeánaithe atá bunaithe ar an eolaíocht dá dtagraítear i mír 4.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cheangal ar an oibreoir aerárthaí an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar nó an lipéad a eisiúint.

I gcás nach gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí an fhaisnéis uile is gá isteach chun go n-eiseoidh an Ghníomhaireacht an lipéad a iarradh, diúltóidh an Ghníomhaireacht don iarraidh.

Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta arna ndéanamh de bhun na míre seo agus mhír 7 den Airteagal seo. Déanfar achomharc den sórt sin a chomhdú leis an mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) laistigh de 10 lá tar éis an fógra faoin gcinneadh a fháil. Beidh feidhm ag Airteagail 106 agus 107, Airteagal 108(2) agus (3), agus Airteagail 111, 112, 113 agus 114 de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar aon chinneadh a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht de bhun na míre seo gan moill mhíchuí.

Airteagal 14 7.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú tréimhsiúil féachaint ar tháinig athrú ar na fachtóirí ar eisíodh lipéad ar a mbonn i gcás gach eitilte nó gach tacair d’eitiltí a oibrítear faoi na coinníollacha céanna. Má chinneann an Ghníomhaireacht nach bhfuil lipéad iomchuí a thuilleadh, déanfaidh sí, tar éis deis a bheith tugtha aici don oibreoir éisteacht a fháil, an lipéad atá ann cheana a chúlghairm nó lipéad nua a eisiúint. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cinneadh in iúl don oibreoir aerárthaí.

Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí taispeáint an lipéid a choigeartú dá réir sin gan mhoill.

Airteagal 14 8.
Oibreoirí aerárthaí ar deonaíodh lipéad dóibh de bhun mhír 6, cuirfidh siad an lipéad ar taispeáint ar a mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír. Beidh an lipéad so-inrochtana agus intuigthe. Cuirfear i láthair é ar bhealach a chuirfidh ar chumas custaiméirí comparáid a dhéanamh go héasca idir feidhmíocht chomhshaoil eitiltí arna n-oibriú ag oibreoirí aerárthaí éagsúla a bhíonn ag eitilt ar an mbealach céanna. I gcás ina mbeidh an lipéad ar taispeáint ag oibreoirí aerárthaí ag pointe díolacháin nó i gcás aon teagmháil eile leis na custaiméirí, déanfaidh siad amhlaidh i gcás na n-eitiltí uile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 14 9.
Chun costais na seirbhíse a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht a mhaoiniú, beidh eisiúint lipéid, arna iarraidh sin ag oibreoir aerárthaí, faoi réir muirear a íoc. Ioncam eile de réir bhrí Airteagal 120(1) de Rialachán (AE) 2018/1139 a bheidh san ioncam a ghinfear ó na muirir sin agus láimhseálfar é mar ioncaim shannta a bheidh le leithdháileadh ag an nGníomhaireacht chun na costais sin a chumhdach. Beidh feidhm ag Airteagal 126(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar méid an mhuirir a shainiú de bhun Airteagal 126(4) de Rialachán (AE) 2018/1139.
Airteagal 14 10.
Faoi chuimsiú a cúraimí i réimse chosaint an chomhshaoil a leagtar amach in Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le feasacht a mhúscailt gur ann don scéim lipéadaithe arna bunú leis an Airteagal seo.
Airteagal 14 11.

Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2025 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid a leanas:

(a) 

an mhodheolaíocht chaighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe dá dtagraítear i mír 4, bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe na sonraí arna soláthar ag an nGníomhaireacht agus lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na meastacháin dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a úsáid;

(b) 

an nós imeachta trína soláthróidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis ábhartha don Ghníomhaireacht chun lipéad a eisiúint, agus an nós imeachta don Ghníomhaireacht chun an lipéad sin a eisiúint, lena n-áirítear an teorainn ama faoina bhfuil an Ghníomhaireacht le cinneadh a dhéanamh de bhun mhír 6;

(c) 

fad bailíochta na lipéad arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo, nach faide ná bliain amháin;

(d) 

na coinníollacha faoina bhfuil an Ghníomhaireacht leis an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh;

(e) 

an nós imeachta a luaitear i mír 7 trína bhféadfaidh an Ghníomhaireacht lipéid atá ann cheana a chúlghairm nó lipéad nua a eisiúint;

(f) 

na teimpléid chun lipéid a thaispeáint arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo;

(g) 

rochtain éasca a áirithiú ar gach lipéad eisithe i bhformáid atá inléite ag meaisín;

(h) 

an fhéidearthacht agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh oibreoirí aerárthaí, gan lipéad a úsáid faoin Airteagal seo, aon fhaisnéis faoi fheidhmíocht chomhshaoil atá comhchosúil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thaispeáint i gcás eitiltí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Airteagal 14 12.
Faoin 1 Iúil 2027, déanfaidh an Coimisiún na forbairtí ar fheidhmiú na scéime lipéadaithe a bhunaítear leis an Airteagal seo a shainaithint agus a mheasúnú mar aon le feabhsuithe féideartha ar an scéim nó ar bhearta breise ina leith, d’fhonn gur féidir, go háirithe, scéim lipéadaithe comhshaoil atá éigeantach a bhunú lena gcuimseofar gach gné d’fheidhmíocht chomhshaoil eitiltí nó de thacar d’eitiltí agus na bearta dícharbonúcháin éagsúla a dhéanfaidh oibreoirí aerárthaí, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh príomhthorthaí an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun na míre seo a chur faoi Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur in éineacht leis an tuarascáil sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.