+Airteagal 15 2.

Airteagal 15 2.

Faoin 1 Iúil 2024, déanfaidh an Coimisiún na forbairtí ar tháirgeadh agus soláthar breosla eitlíochta inbhuanaithe i margadh breosla eitlíochta an Aontais a shainaithint agus a mheasúnú mar aon le measúnú a dhéanamh ar fheabhsuithe féideartha ar an sásra solúbthachta maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1, nó ar bhearta breise ina leith, amhail córas intrádála breosla eitlíochta inbhuanaithe a bhunú nó a shainaithint chun soláthar breosla a chumasú san Aontas gan é a bheith nasctha go fisiceach le láithreán soláthair, d’fhonn gur féidir soláthar agus glacadh breosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú tuilleadh le linn na tréimhse solúbthachta.

D’fhéadfadh córas mar sin, lena n-ionchorpraítear eilimintí de scéim leabhar agus éilimh, a chur ar chumas oibreoirí aerárthaí nó soláthróirí breosla, nó iad araon, breosla eitlíochta inbhuanaithe a cheannach trí shocruithe conarthacha le soláthróirí breosla eitlíochta agus úsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe a éileamh ag aerfoirt de chuid an Aontais.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach príomhthorthaí na meastóireachta a dhéanfar de bhun na míre seo agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.