+Airteagal 17 5.
|
Airteagal 17 5.
Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thionchar na ndíolúintí arna ndeonú faoi Airteagal 5 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh eitlíochta. A mhéid is féidir, áireofar sa tuarascáil faisnéis faoi fhorbairtí beartais i dtríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear i gcomhthéacs a gcomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha leis an Aontas nó leis an Aontas agus lena Bhallstáit, mar aon le forbairt creata beartais a d’fhéadfadh a bheith ann chun breosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar agus a chur ar bord ar leibhéal ICAO. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar iomaíochas aeriompróirí agus mhoil aerfoirt de chuid an Aontais i gcomparáid lena n-iomaitheoirí i dtríú tíortha ábhartha, mar aon le hathródú a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe trí aistriú tráchta i dtreo moil aerfoirt i dtríú tíortha, rud is cúis le sceitheadh carbóin. Go háirithe, in éagmais scéim éigeantach ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta a bhfuil leibhéal uaillmhéine comhchosúil aici leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó in éagmais sásraí arna bhforbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta ionas gur féidir an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, breithneoidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, i gcás inarb iomchuí, sásraí spriocdhírithe lena ndíreofaí ar na héifeachtaí sin a chosc, lena n-áirítear, más iomchuí, an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) a leathnú go heitlíocht idirnáisiúnta, chomh maith le cineálacha eile beart lena gcuirfí san áireamh go bhfuil ceann scríbe deiridh na heitilte suite lasmuigh de chríoch an Aontais.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|