+Airteagal 17 Tuarascálacha agus athbhreithniú
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.

Airteagal 17 Tuarascálacha agus athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Faoin 1 Eanáir 2027, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 17 2.
Beidh measúnú mionsonraithe sa tuarascáil ar éabhlóid mhargadh na mbreoslaí eitlíochta, agus ar thionchar na héabhlóide sin ar fheidhmiú mhargadh aeriompair an Aontais lena n-áirítear ar an iomaíochas agus ar an nascacht, go háirithe ar oileáin agus ar chríocha iargúlta, agus ar chost-éifeachtúlacht na laghduithe ar astaíochtaí saolré. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar an ngá atá le hinfheistíochtaí, le fostaíocht agus le hoiliúint, agus le taighde agus nuálaíocht i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ina theannta sin, cuirfidh an tuarascáil eolas ar fáil freisin maidir le dul chun cinn teicneolaíoch sa réimse taighde agus nuálaíocht san earnáil aeriompair atá ábhartha maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear dul chun cinn agus nuálaíocht maidir le hastaíochtaí neamh-CO2 a laghdú nó teicneolaíochtaí um ghabháil dhíreach ón aer.
Airteagal 17 3.
Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo, ar an sainmhíniú ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ar na breoslaí incháilithe agus ar na sciartha íosta in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I, agus ar leibhéal na bhfíneálacha. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chun foinsí eile fuinnimh agus cineálacha eile breoslaí sintéiseacha a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 a áireamh, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na neodrachta teicneolaíche. Leis an tuarascáil, déanfar measúnú freisin ar thionscnaimh, ar fheabhsuithe agus ar bhearta breise chun soláthar agus glacadh méadaithe breoslaí eitlíochta nach breoslaí eitlíochta intiteáin iad, agus seirbhísí gaolmhara, bonneagair agus teicneolaíochtaí a mhéadú atá comhsheasmhach leis an gcuspóir chun an t-aeriompar a dhícharbónú, agus cothrom na Féinne a chaomhnú san am céanna.
Airteagal 17 4.
Breithneofar sa tuarascáil an bhféadfaí sásraí a áireamh chun tacú le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh agus a chur ar bord, lena n-áirítear cistí a bhailiú agus a úsáid, agus chun drochthionchar an Rialacháin seo ar nascacht agus ar iomaíochas a theorannú. Leis an tuarascáil sin, breithneofar ar cheart sásraí airgeadais agus sásraí eile chun na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a bheith san áireamh sna sásraí sin.
Airteagal 17 5.
Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thionchar na ndíolúintí arna ndeonú faoi Airteagal 5 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh eitlíochta.

A mhéid is féidir, áireofar sa tuarascáil faisnéis faoi fhorbairtí beartais i dtríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear i gcomhthéacs a gcomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha leis an Aontas nó leis an Aontas agus lena Bhallstáit, mar aon le forbairt creata beartais a d’fhéadfadh a bheith ann chun breosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar agus a chur ar bord ar leibhéal ICAO.

Déanfar measúnú sa tuarascáil ar iomaíochas aeriompróirí agus mhoil aerfoirt de chuid an Aontais i gcomparáid lena n-iomaitheoirí i dtríú tíortha ábhartha, mar aon le hathródú a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe trí aistriú tráchta i dtreo moil aerfoirt i dtríú tíortha, rud is cúis le sceitheadh carbóin. Go háirithe, in éagmais scéim éigeantach ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta a bhfuil leibhéal uaillmhéine comhchosúil aici leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó in éagmais sásraí arna bhforbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta ionas gur féidir an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, breithneoidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, i gcás inarb iomchuí, sásraí spriocdhírithe lena ndíreofaí ar na héifeachtaí sin a chosc, lena n-áirítear, más iomchuí, an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) a leathnú go heitlíocht idirnáisiúnta, chomh maith le cineálacha eile beart lena gcuirfí san áireamh go bhfuil ceann scríbe deiridh na heitilte suite lasmuigh de chríoch an Aontais.

Airteagal 17 6.
Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfar a mheas sa tuarascáil ar cheart an Rialachán seo a leasú, agus, i gcás inarb iomchuí, cé na leasuithe ba cheart a mheas, i gcomhréir le creat beartais féideartha maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar leibhéal ICAO.

Mar chuid den chéad tuarascáil nó níos luaithe mar thuarascáil neamhspleách arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun cion an bhreosla i mbreoslaí eitlíochta a bharrfheabhsú.

Airteagal 17 7.
Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus an tuarascáil sin á tarraingt suas aige, 6 mhí ar a laghad sula nglacfar é.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2405
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.