+Airteagal 8 Rochtain ar fhaisnéis ar ESAP
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.

Airteagal 8 Rochtain ar fhaisnéis ar ESAP

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Chun trédhearcacht agus feidhmiú rianúil mhargaí caipitil an Aontais a chur chun cinn, áiritheoidh ESMA go gcuirfear rochtain ar fhaisnéis ar ESAP ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh rochtain dhíreach agus láithreach atá saor in aisce ag úsáideoirí ar an bhfaisnéis ar ESAP.
Airteagal 8 2.
Gearrfaidh ESMA táillí, áfach, as seirbhísí sonracha a bhfuil costais arda chothabhála agus tacaíochta i gceist leo nó a mbaineann cuardaigh ar mhéideanna móra faisnéise nó íoslódáil méideanna móra faisnéise leo. Ní bheidh na táillí sin níos mó ná na costais dhíreacha a thabhaíonn ESMA chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Déanfar na táillí a bhailítear do na seirbhísí sin a leithdháileadh ar fheidhmiú foriomlán ESAP.
Airteagal 8 3.
Féadfaidh ESMA a cheangal ar úsáideoirí na seirbhísí a ngearrann ESMA táillí ina leith, dá dtagraítear i mír 2, dearbhú digiteach a chomhlánú.
Airteagal 8 4.

D’ainneoin mhír 2, tabharfaidh ESMA cead do na heintitis seo a leanas rochtain dhíreach agus láithreach ar an bhfaisnéis ar ESAP atá saor in aisce a bheith acu a oiread agus is gá chun go gcomhlíonfadh na heintitis sin a bhfreagrachtaí faoi seach, a sainorduithe faoi seach agus a n-oibleagáidí faoi seach:

(a) 

aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais;

(b) 

aon údarás inniúil a ainmníonn Ballstát de bhun ghníomh reachtach de chuid an Aontais;

(c) 

aon bhall den Chóras Staidrimh Eorpach mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(d) 

aon bhall den Chóras Eorpach Banc Ceannais;

(e) 

na húdaráis réitigh arna n-ainmniú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(f) 

aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht rialtais de chuid Ballstáit;

(g) 

aon fhoras oideachais agus oiliúna chun críoch taighde, an tsaoil acadúil, eagraíochtaí nuachta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus chun na gcríoch sin amháin, a mhéid is gá rochtain ar an bhfaisnéis chun a gcúraimí a dhéanamh;

(h) 

eintitis a sholáthraíonn agus a úsáideann faisnéis ar ESAP chun a n-oibleagáidí rialála a chomhlíonadh.

Airteagal 8 5.
Chun críocha mhír 2, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun cineál agus méid na seirbhísí sonracha a chinneadh a bhféadfaidh táillí a ghearradh astu agus chun struchtúr na dtáillí lena mbaineann a chinneadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8 6.
Déanfaidh ESMA struchtúr na dtáillí, na tairseacha méide, más ábhartha, agus na rátaí a fhoilsiú agus a chur ar fáil go héasca ar shuíomh gréasáin ESAP. Déanfaidh ESMA athbhreithniú ar na tairseacha méide agus ar na rátaí ar bhonn bliantúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.